Maidir le Tailte Éireann

Maidir Linne

Is gníomhaireacht neamhspleách Rialtais í Tailte Éireann faoi choimirce na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Córas clárúcháin maoine, seirbhís luachála maoine, agus bonneagar náisiúnta mapála agus suirbhéireachta a sholáthar don Stát.

Is féidir teacht ar an reachtaíocht a bhunaigh Tailte Éireann san Acht um Tailte Éireann 2022.

Cad a dhéanaimid

Is é príomhghnó ár n-eagraíochta córas clárúcháin úinéireachta a chur ar fáil do thalamh in Éirinn, luachálacha cruinne, cothrom le dáta ar réadmhaoin tráchtála agus thionsclaíocha a sheachadadh do pháirtithe leasmhara agus taifid mhapála deifnídeacha agus infreastruchtúr fisiciúil an Stáit a chruthú agus a chothabháil.

Tá Tailte Éireann freagrach as comhairle a thabhairt maidir le teorainneacha muirí agus idirnáisiúnta a shocrú agus teorainneacha reachtúla a theorannú agus teorainneacha dá leithéid a leagan amach ar léarscáileanna.

Ina theannta sin, tá Tailte Éireann ina choimeádaí ar chartlann fhairsing de thaifid uathúla a sholáthraíonn acmhainn fhíorluachmhar le haghaidh taighde ginealais agus staire.

Rialachas

Bord Tailte Éireann

Tá cathaoirleach agus seisear gnáthchomhalta ar Bhord Tailte Éireann, gach ceann díobh ceaptha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Is feidhmeanna straitéiseacha iad feidhmeanna an Bhoird; cuireann siad comhairle ar an bpríomhfheidhmeannach maidir le feidhmíocht Tailte Éireann ar a fheidhmeanna agus déanann siad maoirsiú ar chur i bhfeidhm an ráitis straitéise ag an bpríomhfheidhmeannach. Tugann an Bord comhairle don Aire nó déanann sé moltaí don Aire maidir le beartais an Rialtais nó Aire den Rialtas a bhaineann le feidhmeanna Tailte Éireann.

Príomhfheidhmeannach

Tá príomhfheidhmeannach ceaptha ag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gceannas ar Tailte Éireann. Is é ról an phríomhfheidhmeannaigh ná acmhainní, riarachán agus gnó Tailte Éireann a bhainistiú agus an fhaisnéis a theastaíonn uathu a sholáthar don Bhord agus don Aire.  Ceanglaítear ar an bpríomhfheidhmeannach ráiteas straitéise a eisiúint gach trí bliana agus tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus a sheachadadh don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Tá an príomhfheidhmeannach cuntasach don Oireachtas agus, ar iarratas i scríbhinn ón gCoiste, freastalóidh sé os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta Tailte Éireann.

Is é Liam O’Sullivan Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Tailte Éireann faoi láthair.