Tá Tailte Éireann (TÉ) ag lorg iarratais ar phoist lánaimseartha, bhuana mar Cheann Seirbhísí Dlí inár bhFeidhm Seirbhísí Corparáideacha agus is é 5i.n. Dé hAoine, 30 Eanáir 2026, an dáta deiridh.

Lonnaithe i mBaile Átha Cliath, is gairmí dlí sinsearach é Ceann na Seirbhísí Dlí—Dlíodóir nó Abhcóide—a bhfuil taithí fhairsing agus cumais cheannaireachta straitéisí cruthaithe aige.

Tá an ról lárnach seo freagrach as straitéis dhlíthiúil TÉ a mhúnlú agus a chur i gcrích, gníomhú mar chomhairleoir dlí thar ceann na heagraíochta, láithriú ag éisteachtaí le haghaidh gach cás-oibre dlí, tacú le cinnteoireacht ardleibhéil, agus a chinntiú go gcuirtear beartais agus nósanna imeachta na heagraíochta i bhfeidhm go héifeachtach.

Ní ghlacfar le hiarratais ar fholúntais poist de chuid Tailte Éireann ach amháin má tá siad  i gcomhréir leis an bpróiseas iarratais atá leagtha amach sa Leabhrán Eolais d’Iarrthóirí.

Íoslódáil an Fhaisnéis Bhreise Thábhachtach, an Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí agus an Fhoirm Eochairghnóthachtála 01-2026 don phost seo, le do thoil, mar ní bheidh sé seo ar fáil ar líne tar éis an dáta deiridh.

Le haghaidh Fiosrúcháin Neamhfhoirmiúla nó Fiosrúcháin Sonracha maidir le Ról: Acmhainní Daonna,

Ríomhphost: Resourcing@tailte.ie

Doiciméid

Leabhrán Eolais don Iarrthóir

Foirm Eochairghnóthachtála

Faisnéis Thábhachtach