Roinneann Tailte Éireann faisnéis trí thairseacha ar líne. Ar an bhfaisnéis sin tá faisnéis faoi chlárú réadmhaoine ag www.landdirect.ie, faisnéis gheospásúil náisiúnta (trí fheidhmchláir idirghníomhacha léarscáile agus catalóga sonraí) ag an Tairseach Sonraí Oscailte Suirbhéireachta agus sonraí luachála ag Tailte Éireann- Luachálacha - Foilsitheoirí - data.gov.ie.
Tá fáil ar shonraí Tailte Éireann freisin trí bhealaí eile, mar atá leagtha amach thíos.
Sonraí Oscailte
Tá Tailte Éireann tiomanta do phrionsabail na Sonraí Oscailte, de réir na Straitéise Náisiúnta maidir le Sonraí Oscailte. Tá na prionsabail seo dírithe ar nuálaíocht agus trédhearcacht a chur chun cinn trí shonraí Earnáil Phoiblí na hÉireann a fhoilsiú i bhformáidí oscailte, saor agus in-athúsáidte.
Tá cruinneas ár sonraí tábhachtach dúinn. Má aimsíonn tú earráid in aon cheann dár sonraí oscailte déan teagmháil linn le do thoil ag opendata@tailte.ie.
Is féidir Tacar Sonraí Oscailte Tailte Éireann a fháil anois ar data.gov.ie anseo ag Tairseach Sonraí Oscailte Tailte Éireann.
INSPIRE
Rinneadh Treoir INSPIRE ó Pharlaimint na hEorpa a thrasuí i ndlí na hÉireann trí Ionstraim Reachtúil Uimh. 382 de 2010. Is é is aidhm don Treoir seo bonneagar sonraí spásúla an Aontais Eorpaigh (SDI) a chruthú chun críocha bheartais chomhshaoil an AE agus chun críocha beartais nó gníomhaíochtaí eile AE a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol. Beidh sé seo bunaithe ar SDIanna na mBallstát agus ar deireadh, beifear in ann faisnéis spásúil comhshaoil a roinnt i measc eagraíochtaí na hearnála poiblí, rochtain phoiblí ar fhaisnéis spásúil a éascú ar fud na hEorpa agus cuidiú le ceapadh beartas ar bhonn trasteorann.
Tá Clárlann na Talún liostaithe i leith na hÉireann ar liosta na nEagraíochtaí ag a bhfuil Sainordú Dlíthiúil (LMO) maidir le Téama na nDáileachtaí Cadastracha agus, mar sin, tá sé d'oibleagáid air seirbhísí fionnachtana, féachana agus íoslódála a sholáthar trí INSPIRE agus trí gheothairsí SDI na hÉireann.
Tá Tailte Éireann - Suirbhéireacht luaite le hÉirinn ar an liosta de LMOanna le haghaidh roinnt tacair sonraí agus, mar sin, tá sé de d'oibleagáid air seirbhísí fionnachtana, féachana agus íoslódála a sholáthar trí INSPIRE agus trí gheothairsí SDI na hÉireann. Tá an suirbhéireacht freagrach as cruthú agus cothabháil geotairsí INSPIRE thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is féidir an méid thuas a fháil ar leathanach gréasáin INSPIRE Tailte Éireann.
Is féidir ceisteanna a chur ar aghaidh chuig INSPIRE@tailte.ie.
Na Rialacháin um Fhaisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid 2005
Comhlíonann Tailte Éireann na rialacháin um Fhaisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid agus spreagaimid athúsáid na eolais a chuirimid ar fáil. Tá na rialacháin ar fáil ar shuíomh Gréasáin PSI.
Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh Gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais PSI is déanaí atá ar fáil.
Tá an fhaisnéis atá ar ár suíomh Gréasáin faoi chóipcheart ag Tailte Éireann. Is féidir leat an fhaisnéis ar ár suíomh Gréasáin a athúsáid saor in aisce. Áirítear le hathúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála freisin. Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Ní mór duit:
- An fhoinse agus ár gcóipcheart a admháil i gcásanna ina gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile;
- Faisnéis a atáirgeadh go cruinn;
- Gan an fhaisnéis a úsáid go míthreorach;
- Gan an fhaisnéis a úsáid, agus an príomhchuspóir leis, chun táirge nó seirbhís áirithe a fhógairt nó a chur chun cinn;
- Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta nó chun tacú leis na críocha sin.
Níl Tailte Éireann faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid eolais agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an t-eolais cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn Tailte Éireann d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith acu ar athúsáid a chuid eolais.
Tailte Éireann agus Bulcshonraí a Chlárú
Ligeann láithreán Gréasáin Land Direct de chuid Tailte Éireann d’úsáideoirí sonraí na bhfóiliónna aonair a fháil ar tháille, ach ní bhíonn sé seo chomh praiticiúil céanna nuair a bhíonn sonraí a bhaineann go leor fóiliónna ag teastáil. Maidir le haon iarratas a bhaineann le níos mó ná trí fhóilió, glacann Tailte Éireann le hiarratais ar Asbhaint Bulcshonraí.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil trí fhoirm asbhainte bulcshonraí a chur isteach nó trí cheisteanna a chur ar ríomhphost chuig registrationbulkdata@tailte.ie.