Tá Tailte Éireann (TÉ) tiomanta do sheirbhís chustaiméara den scoth a sholáthar agus bíonn formhór na gcustaiméirí sásta le caighdeán na seirbhíse a fhaigheann siad. Mar sin féin, má tá gearán agat faoin tseirbhís a cuireadh ar fáil, is iad seo thíos na céimeanna chun é sin a chur ar ár súile dúinn.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar ár mbeartas maidir le Gearáin ó Chustaiméirí atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.
Conas a dhéanaim gearán?
Má tá gearán agat faoin tseirbhís a cuireadh ar fáil, cuir an scéal i dtús faoi bhráid an bhall foirne lena mbaineann agus déanfaidh sé iarracht an cheist a réiteach.
Más ceist chasta atá i gceist, féadfaidh an ball foirne moldadh duit na sonraí ábhartha go léir a chur ar aghaidh trí ríomhphost.
Cén fhaisnéis ba chóir dom a sholáthar?
- D'ainm agus do sheoladh
- Aon uimhreacha tagartha ábhartha
- Sonraí faoi do ghearán
- Ainm an bhaill foirne nó na rannóige lena mbaineann
- Do rogha modh teagmhála agus na sonraí
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuarthas, nó mura bhfuil an ball foirne sin in ann tuilleadh cabhrach a thabhairt duit, féadfaidh tú do ghearán a sheoladh trí ríomhphost chuig ár ndeasc chabhrach ag Complaints@tailte.ie.
Cuirfear in iúl duit go bhfuarthas do ghearán agus seolfar sonraí do ghearáin ar aghaidh chuig an mbainisteoir iomchuí, déanfaidh sé an cheist a bhreithniú agus tabharfaidh sé freagra duit go díreach.
Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an bhfreagra?
Mura réitíodh an cheist chun do shástachta leis an bpróiseas thuas, agus más mian leat do ghearán a ghéarú, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an mBainisteoir um Eispéireas an Chustaiméara. Seol sonraí do ghearáin trí ríomhphost chuig CustomerExperienceManager@tailte.ie.
Cén leas eile atá agam?
Má bhraitheann tú nár thug Tailte Éireann aghaidh ar do ghearán i gceart, tá tú i dteideal teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman tríd an bpost chuig 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773, nó trí ríomhphost ag ombudsman@ombudsman.ie.