Brústocaireacht

Ráiteas Tailte Éireann maidir le brústocaireacht.

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015

Tá an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 ceaptha chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le cé atá i mbun brústocaireachta agus maidir le hábhar na brústocaireachta sin.  Faoin Acht seo, ní mór do na brústocairí gach cineál idirghníomhaíochtaí ábhartha a bhíonn idir comhlachtaí brústocaireachta agus Oifigigh Phoiblí Ainmnithe a thuairisciú. Feidhmíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) mar rialtóir ar bhrústocaireacht, d’fhorbair sé Cód Iompair agus bhunaigh sé clár brústocaireachta ar líne.  Tá an dá cheann ar fáil ag www.lobbying.ie.

Leagtar síos i gCód SIPO caighdeáin iompair do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta. Ní mór d’aon pháirtí a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta den sórt sin, lena n-áirítear fostóirí, tríú páirtithe, comhlachtaí ionadaíocha nó abhcóideachta agus daoine aonair, aird a thabhairt ar an gCód agus é i mbun cumarsáide le comhlachtaí poiblí agus le hoifigigh phoiblí.

Cloíonn Tailte Éireann leis an treoir ó SIPO Tailte Éireann agus leis an gCód Trédhearcachta a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Chomh maith leis sin, tá Tailte Éireann ina bhall de Chlár um Shláine ag an Obair de chuid Transparency International na hÉireann.

Tailte Éireann: OCSanna

Is iad Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na fostaithe sin sa tseirbhís phoiblí a d'fhéadfadh go ndéanfaí brústocaireacht orthu. Ceanglaítear le halt 6(4) den Acht ar gach comhlacht poiblí liosta d'Oifigigh Phoiblí Ainmnithe an chomhlachta a fhoilsiú. Tá dhá aidhm leis an liosta:

  • A chur ar chumas daoine den phobal na daoine sin ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad a shainaithint; agus
  • Mar acmhainn do bhrústocairí a thugann tuairisceáin don Chlár agus a d’fhéadfadh go mbeadh orthu sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe a sholáthar.

Maidir le Tailte Éireann, is féidir iad seo a leanas a dheimhniú:

Ainm

Teideal

SonraíTeagmhála

Liam O'Sullivan

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin 

CEOadmin@tailte.ie

Fiona Coyne

Príomh-Oifigeach Gnóthaí Corparáideacha 

Fiona.Coyne@tailte.ie

Liz Pope

Príomhoifigeach Oibríochtaí (Clárú)

Liz.Pope@tailte.ie

Colin Bray

Príomhoifigeach Oibríochtaí (Suirbhéireacht)

Colin.Bray@tailte.ie

Colm Lavery

Príomhoifigeach Oibríochtaí (Luacháil) 

Colm.Lavery@tailte.ie

Cuirfear sonraí breise isteach de réir mar a dhéanfar tascanna foirmiúla.

Tuilleadh faisnéise

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an reachtaíocht agus treoir maidir le feidhmiú an Achta ar fáil ar an suíomh Gréasáin maidir le Brústocaireacht a Rialáil ag www.lobbying.ie. Is féidir faisnéis a fháil freisin ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ag info@sipo.ie nó trí ghlaoch a chur ar 01-6395666.