Má tá tú ag lorg faisnéise faoi mhaoin, mar shampla gníomhais teidil le sonraí úinéara nó léarscáileanna teorann réadmhaoine, féadfaidh tú ár Léarscáil Chlárlainne ar líne a chuardach ag Landdirect.ie chun an mhaoin a aithint agus iarratas a dhéanamh ar chóipeanna de na taifid atá againn.

Is eol do Thailte Éireann go bhfuil láithreáin ghréasáin tríú páirtí ann a thairgeann cóipeanna de Fhóiliónna agus de Léarscáileanna ón gClár Talún ar chostas i bhfad níos airde. Déanann na heintitis phríobháideacha sin ár gcuid faisnéise a athúsáid agus a athdhíol, cuid acu fiú a ghearrann táille ar fhaisnéis atá ar fáil saor in aisce ar landdirect.ie.

Níl na suíomhanna gréasáin sin cleamhnaithe le Tailte Éireann agus níl aon rochtain dhíreach acu ar an bhfaisnéis sa Chlár Talún. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí, is sláine agus is deimhnithe, déan iarratas i gcónaí ar do chóipeanna d’fhóiliónna agus de léarscáileanna uainn go díreach.

Cé mhéid a chosnaíonn sé?

Chun nach n-íocfaidh tú níos mó ná mar a theastaíonn uait as ár seirbhísí, cuir tús i gcónaí le do chuardach ar fhaisnéis maoine ar ár láithreáin ghréasáin oifigiúla, www.tailte.iewww.landdirect.ie.

Ar Landdirect.ie, ní chosnaíonn sé ach €5 ar ghnáthchóip d’fhóilió (doiciméad teidil), gan aon léarscáil ceangailte, agus beidh an t-eolas ar fáil le híoslódáil láithreach.

Má theastaíonn cóip dheimhnithe uait chun críocha dlí, nó má theastaíonn léarscáil den mhaoin uait freisin, cosnaíonn sé €40 ar chóip dheimhnithe d’fhóilió agus léarscáil ag gabháil leis. Ní ghearrann Tailte Éireann táille phoist as do chóip dheimhnithe a sheachadadh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.tailte.ie lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar chóipeanna de dhoiciméid tríd an bpost faoin rannóg Seirbhísí Cóipeála.

 

An ndearna tú ró-íocaíocht nó ar cuireadh thú ar míthreoir?

 

Rinne baill den phobal teagmháil linn, baill a cheannaigh cáipéisí ó athdhíoltóir tríú páirtí, agus iad ag glacadh leis go raibh siad ag plé linne. Is féidir go dtarlóidh sé sin mar go bhfuil go leor de na hathdhíoltóirí sin ag baint úsáide as Google Ads, a d’fhéadfadh a bheith le feiceáil ar dtús sna torthaí cuardaigh, agus iad ag baint úsáid as ainmneacha láithreán gréasáin atá cosúil le seirbhísí Chlárlann na Talún.

Nuair a dhéantar teagmháil linn, fiosróimid agus déanfaimid beart nuair is féidir, áfach, ní féidir linn aisíocaíochtaí a sholáthar ná doiciméid athsholáthair a sheoladh chugat. Ba chóir iarratas nua a dhéanamh trí landdirect.ie do na doiciméid atá uait.

Má chreideann tú gur cuireadh thú ar míthreoir i gceannach táirge nach raibh mar a fógraíodh é nó nach bhfuair tú an táirge tar éis an íocaíocht a dhéanamh, ba cheart duit an t-ábhar a thuairisciú mar ghearán don Choimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.

Ina theannta sin, má chreideann tú go bhfuil fógra ar líne míthreorach, is féidir leat é a thuairisciú don Údarás um Chaighdeáin Fógraíochta trí litir nó trí úsáid a bhaint as a  bhfoirm ghearáin ar líne.

Féadfaidh tú a chur in iúl do Google freisin go bhfuil duine dá bhfógróirí ag sárú a gcuid polasaithe fógraí trí na trí phonc a roghnú ar dheis ag barr an fhógra agus tuairisc a logáil isteach.

Back to top