GeoHive
Cuireann GeoHive, mol sonraí geospásúla saor in aisce an Stáit arna fhorbairt ag Tailte Éireann, áis ar fáil chun saibhreas faisnéise geospásúla údarásaí ó Thailte Éireann agus ó Rialtas na hÉireann, mar aon le hacmhainní gaolmhara, a aimsiú agus a mheas, agus soláthraíonn sé pointe aonair rochtana ar an bhfaisnéis agus ar na hacmhainní sin, idir reatha agus stairiúil, maidir le beagnach gach gné den saol in Éirinn.
Ar mhaith leat a fháil amach cá bhfuil talamh ann chun forbairtí nua tithíochta agus cá bhfuil iarratais phleanála deonaithe nó diúltaithe? Ar mhaith leat a fháil amach cá bhfuil na gnáthóga is fearr do chromáin na gcearc agus d’éin chreiche eile? Ar mhaith leat a fháil amach cé mhéad duine óg atá i mbun oideachais lánaimseartha i do bhaile? Ar mhaith leat ainm na loinge briste sin díreach amach ó bhéal Chuan Phort Láirge a fháil amach? Is féidir le GeoHive cabhrú leat na freagraí a fháil.
Tá GeoHive deartha lena úsáid ag úsáideoirí teicniúla agus neamhtheicniúla araon. Is féidir le heagraíochtaí comhshaoil, gnólachtaí tráchtála, grúpaí pobail agus saoránaigh GeoHive a iniúchadh chun sonraí a aimsiú agus a anailísiú agus freagraí a fháil ar a gcuid ceisteanna. Is féidir leis na sonraí agus na hacmhainní ar féidir rochtain a fháil orthu ó GeoHive cabhrú le gach duine tuilleadh eolais a fháil faoi na háiteanna, na daoine agus na saincheisteanna is mó a bhfuil cúram orthu fúthu. Ansin is féidir linn go léir na cinntí cearta a dhéanamh chun todhchaí níos fearr a thógáil d’Éirinn.
Cuireann GeoHive trí bhealach éagsúla ar fáil d’úsáideoirí chun sonraí a aimsiú, a shamhlú agus rochtain a fháil orthu, agus iad uile laistigh d’aon mhol amháin atá éasca le rochtain.
Féach ar Léarscáileanna Idirghníomhacha
Is feidhmchlár léarscáile idirghníomhach simplí le húsáid é GeoHive Map Viewer a ligeann duit sonraí a bhaineann le suíomhanna spéise a aimsiú agus a thaispeáint. Cuir sonraí ón gcatalóg sonraí leis an léarscáil ag baint úsáide as an mbosca cuardaigh, nó roghnaigh do chuid féin a chur leis! Is féidir leat, mar shampla, sonraí faoi cháilíocht an aeir, truailleáin uisce agus smionagar plaisteach i dtimpeallachtaí mara a chuardach agus a roghnú, chun tús a chur le pictiúr den truailliú i suíomh ar leith a thógáil suas agus comparáidí amhairc a dhéanamh le codanna eile den tír.
Is féidir leat na léarscáileanna a shaincheapadh tuilleadh trí roghnú as rogha dár mbonnléarscáileanna, tarraingt orthu, agus achair a thomhas orthu sula roghnaíonn tú iad a phriontáil.
Brabhsáil an Catalóg Sonraí
Trí GeoHive is féidir leat rochtain a fháil ar shonraí tríd an gCatalóg Sonraí ina bhfuil na sonraí geospásúla uile atá ar fáil ailínithe le catagóirí sonraí aitheanta Rialtas na hÉireann lena n-áirítear Talmhaíocht, Iascaigh & Bia, Geilleagar & Airgeadas, Fuinneamh, an Comhshaol, Tithíocht, agus go leor eile.
Cuardaigh sonraí spéise de réir ainm nó roghnaigh catagóir spéise chun liosta de na tacair sonraí go léir atá ar fáil sa chatagóir sin a fháil. Scag an liosta de réir topaicí spéise chun léargas níos mine ar na sonraí inar féidir iad a fheiceáil nó a íoslódáil le haghaidh tuilleadh anailíse.
Fiosraigh acmhainní atá ann cheana féin de réir Téama
Tum isteach i limistéar na dTéamaí i GeoHive chun rochtain a fháil ar stór mór d’aipeanna gréasáin ar líne atá furasta le húsáid, léarscáileanna scéil agus painéil rialaithe a chruthaigh agus a chothabháil comhlachtaí seirbhíse poiblí agus grúpaí taighde éagsúla, cuid mhaith acu i gcomhar le Tailte Éireann.