Ráiteas maidir le hInrochtaineacht ar an Suíomh Gréasáin

Tá Tailte Éireann tiomanta dá suíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020.

Ní bhaineann an ráiteas inrochtaineachta seo ach le hábhar a fhoilsítear ar www.tailte.ie

Ráiteas Gealltanais

Tá Tailte Éireann tiomanta do tailte.ie a dhéanamh inrochtana de réir Rialacháin 2020 an Aontais Eorpaigh I.R. Uimh. 358 de 2020 agus do chinntiú go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana ag an lucht úsáide is leithne is féidir, beag beann ar an teicneolaíocht atá acu nó ar a gcumas.

Táimid tiomanta do chaighdeán AA a bhaint amach faoi threoirlínte WCAG 2.2 agus tabharfaimid aghaidh chomh tapa agus is féidir ar gach saincheist a ardaítear maidir le hinrochtaineacht.

Stádas Comhlíontachta

Déantar athbhreithniú uathoibrithe leanúnach ar shuíomh gréasáin tailte.ie ag an Údarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM) de réir Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (WAD)/I.R. Uimh. 358 de 2020.

Léirigh an t-athbhreithniú uathoibrithe go raibh tailte.ie 97.8% i gcomhréir le Caighdeán AA i mí an Mheithimh 2026.

Ábhar Neamh-Inrochtana

Nuair a shainaithníonn ÚNM saincheisteanna ina thuarascáil, táimid tiomanta aghaidh a thabhairt orthu de réir mar a thagann siad chun cinn chun comhlíonadh ár suíomh gréasáin maidir le hinrochtaineacht a fheabhsú tuilleadh do gach úsáideoir.

Féadfaidh a áireamh orthu sin:

  • D’fhéadfadh sé nach mbeadh roghanna malartacha, fotheidil, tuairiscí ná tras-scríbhinní téacs ag gabháil le hábhar físe agus fuaime. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an bhfoireann orthu sin.
  • D’fhéadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis i gcomhaid PDF ná i bhformáidí áirithe comhad oifige inrochtana go hiomlán trí gach cineál bogearraí léitheoireachta scáileáin.

Mura bhfuil aon chuid dár n-ábhar inrochtana go héasca, déan teagmháil dhíreach linn, le do thoil, trí na sonraí teagmhála thíos a úsáid chun a chur in iúl dúinn conas is féidir linn cúrsaí a fheabhsú.

An Ráiteas Inrochtaineachta seo a ullmhú

Rinneadh an t-athbhreithniú agus an nuashonrú is déanaí ar an ráiteas inrochtaineachta seo an 24 Meitheamh 2026.

Déantar athbhreithniú uathoibrithe leanúnach ar shuíomh gréasáin tailte.ie ag an Údarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM) de réir Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (WAD)/I.R. Uimh. 358 de 2020. Ba é 97.8% scór an athbhreithnithe uathoibrithe i mí an Mheithimh 2026.

Aiseolas agus Sonraí Teagmhála

Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo ó úsáideoirí uile ár seirbhísí.

Má bhíonn deacracht agat rochtain a fháil ar aon chuid den fhaisnéis ar an suíomh seo, déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana trí ríomhphost chuig DisabilityLiaisonOfficer@tailte.ie nó glaoigh ar 051 303 000 agus iarr labhairt leis an Oifigeach Rochtana.

Má mheasann tú nár chomhlíonamar ailt 25 go 28 den Acht um Míchumas 2005, a bhaineann le rochtain ar fhoirgnimh, seirbhísí agus faisnéis, gheobhaidh tú na sonraí go léir a theastaíonn uait chun gearán a dhéanamh linn ar leathanach inrochtaineachta an tsuímh gréasáin: Gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas 2005.

Gearán a chur ar aghaidh

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra ar d’iarratas nó ar do ghearán, féadfaidh tú do ghearán a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman faoi fhorálacha an Achta um Míchumas 2005. Tá seirbhís an Ombudsman cothrom, neamhspleách agus saor in aisce.

Is iad seo a leanas na bealaí is fearr chun teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman:

  • Nó scríobh chuig Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
  • Nó glaoigh ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má theastaíonn cabhair uait chun do ghearán a dhéanamh.