Ba mhaith le Tailte Éireann an méid seo a leanas a mheabhrú do chustaiméirí:
- Is féidir stádas reatha iarratais atá ar feitheamh a fheiceáil ar www.landdirect.ie, nuair a roghnaíonn tú an fóilió ar an léarscáil nó nuair a chuireann tú uimhir an fhóilió isteach (más eol í), nó trí chuntas gnó an pháirtí a thaisc an t-iarratas. Tá cur síos ar gach céim den chlárúchán ar fáil faoi Cheisteanna Coitianta.
- Ní comhlacht comhairleach é Tailte Éireann agus ní féidir leis cabhrú le hiarratas a ullmhú ná treoir dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le hábhair a bhaineann le clárú teidil. Tá roinnt mhaith treoracha, treoracha cleachtais agus foirmeacha ábhartha curtha ar fáil ar ár suíomh gréasáin chun cabhrú le custaiméirí.
Treoraítear custaiméirí chuig na naisc thuas nuair a bhíonn nuashonrú á lorg acu maidir le stádas iarratais ar Chlárlann na Talún, nuair a bhíonn comhairle á lorg acu maidir le conas iarratas ar Chlárlann na Talún a ullmhú nó nuair a bhíonn treoir dhlíthiúil á lorg acu maidir le hábhair a bhaineann le clárú teidil. Tá an fhaisnéis seo ar fáil saor in aisce ar ár suíomh gréasáin.