Mar a cuireadh in iúil i bhFógra do Chustaiméirí dar dáta 09.10.2025, sainaithníodh fadhb i Stór Lárnach Comhdaithe Tailte Éireann, ina gcoinnítear iarratais chlárúcháin chomhlánaithe (Ionstraimí). Le linn iniúchta le déanaí, braitheadh láithreacht aispeiste i gcuid den tsaoráid. Mar bheart réamhchúraim, tá srian curtha ar rochtain ar an limistéar atá buailte go dtí go measfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí go bhfuil sé sábháilte le haghaidh oibríochtaí.
Is í Oifig na nOibreacha Poiblí, mar sholáthraí cóiríochta, an comhlacht atá freagrach as glanadh an chomhshaoil agus as conradh a dhéanamh leis na sainchuideachtaí a dhéanann na hoibreacha.
Tá sé curtha in iúl ag Oifig na nOibreacha Poiblí go gcuirfear an glanadh comhshaoil atá riachtanach i gcrích i lár mhí na Nollag. Táimid i mbun caidrimh ar bhonn leanúnach le hOifig na nOibreacha Poiblí maidir le leigheas a fháil ar na saincheisteanna seo chun go bhféadfar tús a chur le hoibríochtaí arís a luaithe is féidir é sin a dhéanamh ar bhealach sábháilte. Tugtar tús áit i gcónaí do shláinte agus sábháilteacht na foirne agus gach duine a bhfuil rochtain acu ar an saoráid.
Tuigimid an mhíchaoithiúlacht a bhaineann leis sin agus ba mhaith linn a dhearbhú daoibh go bhfuilimid ag obair go práinneach chun an fhadhb a réiteach agus an tseirbhís a athbhunú a luaithe is a bheidh sé sábháilte lena dhéanamh. Cuirfimid tuilleadh nuashonruithe ar fáil a luaithe is féidir agus táimid buíoch as bhur dtuiscint agus bhur gcomhoibriú le linn an ama seo.