Tá áthas orainn a chur in iúl duit go bhfuil ár Stór Lárnach Comhdaithe ina bhfuil Ionstraimí comhdaithe ag athoscailt inniu.

Mar thoradh ar an dúnadh le déanaí cuireadh isteach ar sheirbhís na hIonstraime Cóipe maidir le rochtain ar Ionstraimí dar dáta roimh 2006. Leanann Oifig na nOibreacha Poiblí ar aghaidh le hoibreacha feabhais chun aispeist a bhaint agus rochtain shábháilte dár bhfoireann a chinntiú. Cuirfear na hoibreacha i gcrích ina n-iomláine faoin 10 Nollaig 2025.  Táimid ag glacadh le hiarratais Cóip Ionstraim do gach Ionstraim.  Tabhair do d’aire, áfach, go bhféadfadh roinnt cur isteach beag a bheith ar an tseirbhís go dtí an 10 Nollaig 2025.

Tuigimid na deacrachtaí a bhain leis an dúnadh le déanaí dár gcustaiméirí agus arís is oth linn aon mhíchaoithiúlacht.

Back to top