Tá rogha nua de léarscáileanna páipéir le haghaidh taistil agus turasóireacht ó Tailte Éireann ar fáil anois. Tá bóithre, bealaí, conairí nuashonraithe sa raon léarscáile nua agus cuireann sé eolas i ndearadh níos glaine, níos géire agus níos nua-aimseartha.

Tá muinín as léarscáileanna Tailte Éireann don turasóireacht in Éirinn agus tá siad oiriúnach chun tuilleadh eolais a fháil ar an méid atá le tairiscint ag oileán na hÉireann.

  • Léarscáil Turasóireachta na hÉireann
  • Léarscáil Áisiúil do Thurasóirí in Éirinn
  • Sraith Saoire: Éire Thuaidh, Éire Theas, Éire Thoir agus Éire Thiar
  • Atlas Oifigiúil Bóithre Éireann
  • Léarscáil Éireann

Tá na léarscáileanna nua ar fáil ar líne anois ag land.ie/map-shop agus beidh siad ar fáil i siopaí leabhar roghnaithe ar fud na tíre.

Back to top