Beidh fáil ar líne go luath ar leagan feabhsaithe den Amharcóir Bailte Fearainn agus Mapaí Stairiúla na hÉireann ina mbeidh gnéithe nua. Ní fheidhmeoidh an URL roimhe seo a thuilleadh tar éis an 2 Eanáir 2026.
Beidh fáil ar an leagan nuashonraithe den Amharcóir Bailte Fearainn agus Mapaí Stairiúla na hÉireann ag https://experience.arcgis.com/experience/bdc13f643b68486c99e23abdaed0a98e
Áirítear leis an leagan nuashonraithe na gnéithe seo a leanas d’úsáideoirí:
- dearadh atá lánfhreagrach agus fáil ar thacaíocht ar fhóin phóca agus ar tháibléid
- Rochtain ar shraitheanna mapaí
- an acmhainneacht sonraí de do chuid féin a chur leis
- uirlisí tomhais
- tarraingt ar mhapaí
- uirlisí feabhsaithe cuardaigh
- sraith nuashonraithe uirlisí stairiúla
Rochtain ar threoir chuimsitheach d’úsáideoirí maidir leis an leagan nuashonraithe den Amharcóir Bailte Fearainn agus Mapaí Stairiúla na hÉireann.
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le digidata@tailte.ie