Is gníomhaireacht neamhspleách Rialtais í Tailte Éireann faoi choimirce na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Bunaíodh Tailte Éireann go hoifigiúil faoi Acht um Tailte Éireann i mí na Nollag 2022.
Cé go mb’fhéidir go bhfuil ár n-ainm sách nua, tá ceangal fada fréamhaithe againn le talamh na hÉireann, ag dul siar go dtí bunú Chlárlann na nGníomhas i 1708 agus an chéad léarscáil suirbhéireachta ar oileán na hÉireann a thosaigh in 1824.
Tá foireann de bhreis agus naoi gcéad ball againn lonnaithe in áiteanna ar fud na tíre, atá tiomanta do sheirbhís éifeachtach atá dírithe ar an gcustaiméir a sholáthar.Tá ár bhfoireann comhdhéanta de raon leathan státseirbhíseach lena n-áirítear aturnaetha, luachálaithe, suirbhéirí, cartlannaithe a bhfuil taithí na mblianta acu ina réimsí faoi seach.Léigh tuilleadh faoin bhfoireann, agus deiseanna a bheith linn, inár rannóg Gairmeacha.