Táimid tiomanta do chaighdeán ard rialachais chorparáidigh a choinneáil, i gcomhréir leis an gCód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáitag an am, mar a leag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe amach.
An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
Tá príomhfheidhmeannach ceaptha ag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gceannas ar Thailte Éireann. Is é ról an phríomhfheidhmeannaigh ná acmhainní, riarachán agus gnó Tailte Éireann a bhainistiú agus an fhaisnéis a theastaíonn uathu a sholáthar don Bhord agus don Aire. Is é Liam O’Sullivan Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Tailte Éireann faoi láthair.
An Bord Bainistíochta
Tá ár mBord Bainistíochta freagrach as rath oibríochtúil na heagraíochta agus as a chinntiú go bhfuil na struchtúir rialachais chorparáidigh chuí i bhfeidhm agus ag feidhmiú go héifeachtach.
Is é Aidan Timmins Rúnaí an Bhoird Bainistíochta.