Conas a dhéanaim gearán?
Má tá gearán agat faoin tseirbhís a cuireadh ar fáil, cuir an scéal i dtús faoi bhráid an bhall foirne lena mbaineann agus déanfaidh sé iarracht an cheist a réiteach.
Más ceist chasta atá i gceist, féadfaidh an ball foirne moldadh duit na sonraí ábhartha go léir a chur ar aghaidh trí ríomhphost.
Cén fhaisnéis ba chóir dom a sholáthar?
- D’ainm agus do sheoladh
- Aon uimhreacha tagartha ábhartha
- Sonraí faoi do ghearán
- Ainm an bhaill foirne nó na rannóige lena mbaineann
- Do rogha modh teagmhála agus na sonraí
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuarthas, nó mura bhfuil an ball foirne sin in ann tuilleadh cabhrach a thabhairt duit, féadfaidh tú do ghearán a sheoladh trí ríomhphost chuig ár ndeasc chabhrach ag Complaints@tailte.ie.
Cuirfear in iúl duit go bhfuarthas do ghearán agus seolfar sonraí do ghearáin ar aghaidh chuig an mbainisteoir iomchuí, déanfaidh sé an cheist a bhreithniú agus tabharfaidh sé freagra duit go díreach.
Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an bhfreagra?
Mura réitíodh an cheist chun do shástachta leis an bpróiseas thuas, agus más mian leat do ghearán a ghéarú, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an mBainisteoir um Eispéireas an Chustaiméara. Seol sonraí do ghearáin trí ríomhphost chuig CustomerExperienceManager@tailte.ie.
Cén iontaoibh eile atá agam?
Mura bhfuil tú sásta fós lenár bhfreagra, féadfaidh tú do ghearán a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman. Tá an tOmbudsman cothrom, neamhspleách, agus saor le húsáid.
Is é an bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ná trí:
- Chliceáil ar an nasc “Déan Gearán” ag www.ombudsman.ie
- Nó scríobh chuig Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
- Glaoigh ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má theastaíonn cabhair uait chun do ghearán a dhéanamh.
Beartas maidir le Gearáin ó Chustaiméirí
Leagtar amach sa bheartas seo againne maidir le gearán a dhéanamh na nósanna imeachta agus na córais atá i bhfeidhm chun déileáil le gearáin faoi chaighdeán na seirbhíse a chuirtear ar fáil ar bhealach cothrom trédhearcach. Tugtar sonraí ann freisin faoin gcaoi a ndéanaimid aghaidh ar iompar míréasúnta nó doghlactha a léirítear i leith aon bhall foirne nó úsáideoirí seirbhíse eile.
Beartas maidir le Gearáin ó Chustaiméirí PDF
Gearán a dhéanamh faoi Alt 38 den Acht um Míchumas, 2005
Táimid tiomanta do sheirbhís den scoth a sholáthar do gach custaiméir agus úsáideoir seirbhíse. Má cheapann tú nár chomhlíonamar Ailt 25 go 28 den Acht um Míchumas 2005, a bhaineann le rochtain ar fhoirgnimh, ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis, seo na sonraí a theastaíonn uait chun gearán a dhéanamh.
Gearáin faoi Alt 38 den Acht um Míchumas, 2005