Uaireanta Oscailte agus Ceapacháin
Tá ár n-oifig Poiblí ar oscailt ó 10:00 – 12:00 & 14:00 – 16:00 Luan go hAoine (seachas Laethanta Saoire Poiblí).
Moltar go láidir coinne a dhéanamh chun cuairt a thabhairt ar ár nOifig & Cartlann Phoiblí chun seirbhís a chinntiú. Agus muid ag déanamh ár seacht ndícheall freastal ar aon chustaiméirí a thagann chuig ár n-oifigí gan choinne, tabharfar tús áite dóibh siúd a bhfuil coinne acu. Ár sliotáin ama: 10:00 – 11:00, 11:00 – 12:00, 14:00 – 15:00 & 15:00 – 16:00. Is féidir ceapacháin a dhéanamh tríd ár gcóras áirithintí ar líne.
Cloítear go docht leis na sliotáin ama ós rud é gur féidir an spás taighde a thabhairt do chustaiméir eile láithreach tar éis do chuairte.
Sa chás nach bhfuil tú in ann freastal ar do choinne, cuir ar ceal é le do thoil agus is féidir linn an sliotán a thabhairt do dhuine eile.
Is trí choinne réamháirithinte amháin a dhéantar rochtain Ní féidir linn glacadh le haon cheapacháin siúil isteach.
Inrochtaineacht
Tá an foirgneamh ar Shráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1, D01 EK82. Tá rochtain trí Shráid Henrietta nó Cnoc an Bhunreachta. Tá an suíomh inrochtana do chathaoireacha rothaí agus cuirtear áiseanna leithris ar fáil.
Níl aon saoráidí páirceála ar fáil i gcarrchlós Óstaí an Rí. Tá páirceáil theoranta pá agus taispeána ar Shráid Henrietta.
Pleanáil do chuairt
Féach ar ár ngearr fhíseán réamhráiteach faoi na Cartlanna Luachála chun níos mó a fhoghlaim faoi na taifid luachála atá ar fáil le linn do chuairte.
Roimh do chuairt chun taighde a dhéanamh ar ár dtaifid, tabhair an méid eolais agus is féidir leat le do thoil don mhaoin a bhfuil spéis agat inti. Beidh tú in ann teacht ar an maoin sna taifid i bhfad níos fusa. In áiteanna tuaithe, tá gá le hainm an bhaile fearainn atá á chuardach agat, nó in ionad sin is féidir an mhaoin a aimsiú ar léarscáil, beidh ár bhfoireann in ann ainm an bhaile fearainn atá uait a aimsiú. Má tá an mhaoin in áit uirbeach, ba leor ainm na sráide chun teacht ar na taifid.
Íocaíochtaí
Ní thabhaítear aon táillí as ár dtaifid a chuardach. Féadfaidh cuairteoirí a ngrianghraif féin de na taifid a thógáil nuair a bheidh foirm iarratais grianghrafadóireachta féinseirbhíse comhlánaithe. Is féidir cóipeanna de thaifid nár digitíodh a iarraidh ach Foirm Iarratais C3 a chomhlánú. Is féidir cóipeanna de thaifid dhigitithe a chur ar fáil ar chostas €1 an leathanach.
B’fhearr íoc le cárta nó íocaíocht gan tadhall, ach is féidir glacadh le hairgead tirim freisin.
Nuair a shroicheann tú ár nOifig & Cartlann Phoiblí
- Ní mór do choinne a dhearbhú le ball foirne nuair a thagann tú.
- Ní féidir ach pinn luaidhe, páipéir agus feistí leictreonacha chun nótaí a bhreacadh síos a thabhairt chuig an oifig phoiblí.
- Má tá na taifid atá tú ag iarraidh taighde a dhéanamh orthu i gcruth digiteach, iarrfar ort do thaighde a dhéanamh ar cheann de na críochfoirt custaiméirí. Déantar seo chun úsáid na dtaifead fisiceach a íosmhéadú. Tabharfaidh ball foirne treoir faoi conas dul trí na taifid dhigiteacha seo. Mura bhfuil do réimse taighde i gcruth digiteach, tabharfaidh ball foirne rochtain ar na leabhair fhisiceacha agus míneoidh siad conas is féidir na taifid seo a láimhseáil.
Le linn do Choinne
- Caith le gach custaiméir agus ball foirne de chuid tailte Éireann le cúirtéis agus meas i gcónaí.
- Ní mór glaoch gutháin a thógáil taobh amuigh den fhoirgneamh.
- Tá ár leabhair lámhscríbhinní íogair agus ní mór bheith cúramach leo de bharr an luacha stairiúil a bhaineann leo.
- Ní féidir ach pinn luaidhe a úsáid. Ná húsáid bioraitheoirí peann luaidhe nó scriosáin mar d’fhéadfadh siad seo dochar a dhéanamh do na leabhair.
- Bain úsáid as na cúisíní a chuirtear ar fáil chun tacú le spíonáin leabhar.
- Ná brúigh, marcáil nó scríobh ar leabhair. Ná fág aon ábhar scríbhneoireachta ar leabhair.
- Carn na leabhair go néata agus go cúramach nuair atá tú réidh leo agus fág iad ag an stáisiún a bhí á úsáid agat, agus cuirfidh ball foirne ar ais sa chartlann iad. Ba cheart na leabhair a charnadh suas go huasmhéid trí cinn ar a chéile.
- Cuireann an fhoireann cúnamh ar fáil le linn do choinne.