Tabhair faoi deara go ndéantar seiceáil Bailíochtaithe ar gach iarratas a taisceadh.
Diúltófar d’iarratais ar an gcéad earráid a sainaithníodh ag céim an Bhailíochtaithe.
Ní mór do chleachtóirí a chinntiú go dtéann siad i gcomhairle leis na Treoracha Cleachtais, le gach Fógra Oifige Dlí ábhartha, le Rialacha Chlárlann na Talún, le Foirmeacha agus le Treoirlínte Mapála Clárúcháin atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin lena chinntiú go bhfuil a n-iarratais in ord sula dtaisctear iad.
Iarratais ar diúltaíodh dóibh roimhe seo
- I gcás inar eisíodh sraith iomlán rialuithe i scríbhinn maidir le hiarratas a léadh agus a diúltaíodh roimhe sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar na rialuithe sin ina n-iomláine agus an t-iarratas á thaisceadh arís. Mura dtugtar aghaidh orthu ina n-iomláine, diúltófar don iarratas a taisceadh arís.
Táillí
- Ní mór na táillí cearta don iarratas a chur isteach. Féach ar an Ordú Táillí faoin rannán acmhainní táillí.
- Má tá iarratas ar diúltaíodh dó roimhe seo á thaisceadh agat arís, ní mór duit a chinntiú gur lean tú an nós imeachta maidir le taisceadh arís mar atá leagtha amach anseo Conas Iarratas Diúltaithe a Thaisceadh Arís
- Ar ríomh tú an táille cheart le haghaidh gach cineál iarratais i d’iarratas?
Iarratasóirí Pearsanta
- Ní mór Foirm Aitheantais an Iarratasóra Phearsanta a chomhlánú go hiomlán.
- An bhfuil an t-iarratas seo á chur isteach agat ar do shon féin? Má tá, ní mór do gach iarratasóir ar an iarratas seo Foirm Aitheantais d’Iarratasóir Pearsanta a chomhlánú
- Tabhair faoi deara: ní mór Foirm 17 arna comhlánú i gceart a bheith ag gabháil le gach iarratas
- An bhfuil na hiarratasóirí pearsanta go léir ainmnithe ar an bhFoirm 17 mar iarratasóirí agus mar pháirtí taisceadh araon?
- Ar shínigh na hiarratasóirí pearsanta go léir an Fhoirm 17?
- An bhfuil an Fhoirm 17 dátaithe?
Foirm 17
- Ní mór d’aturnae aonair Foirm 17 a shíniú (nó, mura bhfuil aon aturnae ag gníomhú, ní mór do na hiarratasóirí go léir í a shíniú).
- Ní mór Foirm 17 a chomhlánú agus a dhátú go hiomlán.
- An bhfuil ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí an iarratasóra/na n-iarratasóirí sa Stát chun fógraí a luaitear ar Fhoirm 17 a sheirbheáil agus an bhfuil na sonraí sin ceart?
- I gcás inarb infheidhme, an bhfuil ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí na hInstitiúide Iasachtaithe sa Stát le haghaidh seirbheáil fógraí a luaitear ar Fhoirm 17 agus an bhfuil na sonraí sin ceart? (i.e. ní mór ainm an iasachtóra a bheith mar an gcéanna ar Fhoirm 17 agus ar an ngníomhas a taisceadh lena chlárú.)
- Cinntigh, le do thoil, go dtaiscfear iarratais a chruthófar trí LandDirect laistigh de 28 lá ón uair a chruthófar iad, nó rachaidh uimhir an iarratais in éag.
- Cinntigh, le do thoil, go bhfuil an Fhoirm 17 chomhlánaithe priontáilte sula bhfágann tú LandDirect.
Mionnscríbhinn agus ceanglais Fhoirm 1 nó Fhoirm 2
- Ní mór do mhionnscríbhinn Fhoirm 1 nó Fhoirm 2 an Fhoirm Fhorordaithe a chomhlíonadh.
- Ní mór gach mír a líonadh isteach i gceart, le hionsá nó scriosadh cuí déanta.
- Má tá toirmeasc á lorg mar chuid den iarratas, ní mór sonraí an toirmisc atá á lorg a leagan amach i mír 4 de mhionnscríbhinn Fhoirm 1 nó Fhoirm 2, féach Foirmeacha Toirmisc
- An bhfuil an méid cuí curtha isteach agus scriosta ag mír 8 de mhionnscríbhinn Fhoirm 1 nó Fhoirm 2 i ndáil le haon mhionleas nó mionleasanna nó imeachtaí cúirte atá ar feitheamh?
- Ní mór don Iarratasóir/do na hIarratasóirí an mhionnscríbhinn a mhionnú, nó i gcás Cuideachta, ní mór don Rúnaí í a mhionnú, nó i gcás Údaráis Áitiúil ní mór don Ghníomhaire Dlí/don sínitheoir cuí-údaraithe í a mhionnú.
- Má mhionnaíonn stiúrthóir an mionnscríbhinn, ní mór dó/di a lua go bhfuil sé/sí údaraithe go cuí agus go bhfuil na modhanna riachtanacha eolais aige/aici chun an mhionnscríbhinn a dhéanamh.
- ‘Ní mór mionnscríbhinn Fhoirm 1 nó Fhoirm 2 a mhionnú, ní féidir í a dhearbhú.
- Féadfar Mionnscríbhinní agus Dearbhuithe Reachtúla lena n-úsáid in imeachtaí sa Chlárlann de réir Riail 168(2) de na Rialacha um Chlárú Talún 2012, agus Ordú 40, Riail 7, de Rialacha na nUaschúirteanna a thionscnamh in aon tír nó áit choigríche:
- Os comhair aon ionadaí nó gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta Éireannach a fheidhmeanna a fheidhmiú sa tír nó san áit sin, nó
- I gcás nach bhfuil aon ionadaí nó gníomhaire den sórt sin ag (a) thuas nó nach mbeidh aon ionadaí nó gníomhaire den sórt sin gar go caothúil don teisteoir sa tír nó san áit sin, os comhair aon nótaire poiblí a atá údaraithe go dleathach chun daoine a chur faoi mhionn sa tír nó san áit sin, nó
- I gcás an tír nó an áit sin a bheith ina cuid de Chomhlathas Briotanach na Náisiún nó ina seilbh Bhriotanach, os comhair aon bhreithimh, cúirte, nótaire poiblí, nó duine atá údaraithe chun daoine a chur faoi mhionn sa chuid nó sa sheilbh sin.
- Ní mór an teideal a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith (Iomlán, Sealbhach, Léasach Bailí nó Srianta) a shonrú. Má dhéantar iarratas mar thionóntaí i gcoiteannas, ní mór na scaireanna a shonrú.
Ní mór na scaireanna a leagan amach i mír 9 (e.g. dhá thrian/aon tríú scair/scaireanna comhionanna etc.)
- Ní mór na sonraí Léasa a chomhlánú ina n-iomláine i bhFoirm 2.
Ní mór dáta, páirtithe, téarma agus dáta tosaithe an léasa a bheith ar áireamh i mír 9 den Fhoirm 2
- Má tá Teideal Léasach Iomlán á lorg, ní mór teideal an Léasóra a thaispeáint agus déileáil leis san iarratas. (Alt 40(4) agus 42 den Acht um Chlárú Teidil 1964.)
- Cuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Mionnscríbhinn: ‘Ní mór tuairisc iomlán na maoine a thabhairt a dhéanann tagairt don léarscáil iarratais agus a chloíonn léi.
- Cuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Mionnscríbhinn: Ní mór gach ualach a dhéanann difear don mhaoin atá in ann clárú faoi Alt 69 den Acht um Chlárú Teidil 1964, a nochtadh sna gníomhais teidil nó ar aon chuardach a taisceadh, a lua sa mhionnscríbhinn e.g. muirir, cíosanna feofheirme, cúnaint, cearta cónaithe, léasanna, foléasanna etc.
- Caithfidh 3 chuid a bheith sa Sceideal a ghabhann leis an Mionnscríbhinn, de réir mar is gá. Mura bhfuil aon ualaí inchláraithe le lua i gCuid 2 den sceideal, fág an sceideal Cuid 2 bán, nó luaigh “gan aon ualach”.
- Ní chláraíonn Tailte Éireann ualaí Alt 72 (An tAcht um Chlárú Teidil 1964) ar fhóilió. Déantar foráil in Alt 72 maidir le hualaí a dhéanann difear do maoin gan chlárú. An tAcht um Chlárú Teidil, 1964, Alt 72
- Cuid 3 den Sceideal a ghabhann leis an Mionnscríbhinn: Ráiteas Teidil.
- De ghnáth, ba chóir go dtosódh an ráiteas teidil le Gníomhas Tíolcais, Deontas Feofheirme, nó Léas.
- Chomh maith leis an bhformáid fhorordaithe a chomhlíonadh, ní mór do gach Foirm 1 nó Foirm 2 a bheith cruinn, gonta agus croineolaíoch.
- Ní mór duit an gníomhas is déanaí a úsáid arb ionann é agus fréamh bhailí teidil do gach slabhra teidil agus slabhra iomlán teidil a thaispeáint suas go dtí teideal an iarratasóra agus an teideal sin san áireamh.
- Ná taisc doiciméid teidil roimh ré ach amháin má tá gá leo chun réadmhaoin a shainaithint, nó má chruthaíonn siad Ualach Alt 69, nó má tá aisíocaíocht slánaíochta cíosa iontu.
- Ní leor liosta na nGníomhas agus Doiciméid amháin.
- Leag amach gach Gníomhas ar Theideal suas go dtí teideal an iarratasóra agus an teideal sin san áireamh agus luaigh an éifeacht atá ag an doiciméad ar theideal.
- Sa chás go gcuimsíonn maoin míreanna, ní mór teideal ar gach mír aonair a thaispeáint.
- Más é atá á éileamh ná teideal léasach a chumasc i dteideal ruílse, nó foléas i léasacht etc, ní mór é seo a leagan amach agus a rianú go hiomlán i mionnscríbhinn Fhoirm 1 nó Fhoirm 2 agus ní mór na fréamhacha teidil don ruílse agus don léasach araon a shainaithint go cuí.
- Caithfidh an giúrád a bheith in ord (sínithe, fianaithe, dátaithe, agus má aithníonn tríú páirtí í, caithfidh siad an fhoirm a shíniú)
- Maidir le gach léas atá le feiceáil ar theideal i bhFoirm 1 Mionnscríbhinní, nó foléasanna atá le feiceáil i mionnscríbhinní Fhoirm 2, etc., taispeáin conas a chinn siad nó a fuarthas iad nó conas a dhéanann siad difear ar shlí eile do réadmhaoin an iarratais faoi láthair. (Féach alt 69(1) (g) den Acht um Chlárú Teidil 1964.)
Doiciméadú
- Ní mór gach doiciméad bunaidh ar an teideal a thaisceadh. Tagraíonn Rialacha 15(1) (b) agus 16(2) (b).
- I gcás inar gearradh réadmhaoin an iarratais as réadmhaoin níos mó, ní mór cóipeanna deimhnithe ag aturnae de na gníomhais roimhe sin a thaisceadh in éineacht le ceachtar díobh seo a leanas:
- Na gníomhais bhunaidh roimhe seo a thaisceadh chun iad a mharcáil go cuí faoi Alt 95 den Acht agus faoi Riail 153 agus chun a chruthú nach raibh siad ina n-ábhar do lian
-nó-
- Deimhniú ón aturnae don cheannaitheoir/iarratasóir lena ndeimhnítear gur tugadh na gníomhais bhunaidh ar aird ag deireadh an díola, agus gur deimhin leis an aturnae nach raibh siad ina n-ábhar liain tráth an dúnta.
- Tabhair faoi deara: Níl feidhm ag an méid thuas maidir le réadmhaoin i gcás nach mbaineann na gníomhais teidil ach leis na tailte iarratais ina n-iomláine. Mura bhfuil an talamh gearr as eastát níos mó, ní mór na gníomhais teidil bunaidh a thaisceadh.
- Ní mór Deimhniú Stampa/Dleacht Stampála na gCoimisinéirí Ioncaim a bheith ar gach gníomhas teidil a thaisctear nuair is gá.
- An comhfhreagair uimhir slándála an deimhnithe stampa don uimhir slándála a cuireadh isteach ar d’Fhoirm 17?
- An bhfuil dáta forghníomhaithe an ghníomhais ar an deimhniú stampa ag freagairt don dáta a luaitear ar an ngníomhas ábhartha?
- An bhfuil gach uimhir Fóilió ábhartha curtha isteach ar an deimhniú stampa le haghaidh aon tailte cláraithe?
- más tailte neamhchláraithe iad, ní mór tuairisc iomlán a thabhairt ar na tailte.
- Ceadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim suas le 5 uimhir Fóilió a iontráil ar an deimhniú dleachta stampála.
- Déanfar gach gníomhas teidil a thaiscfear a dhátú agus a fhorghníomhú i gceart.
Gníomhas Caillte/Gníomhais Caillte
- I gcás inar cailleadh nó inar scriosadh gníomhas teidil nó gníomhais teidil, féach an Treoir Chleachtais maidir le Gníomhais Chaillte agus tabhair faoi deara na ceanglais seo a leanas:
- Mionnscríbhinn ón Iarratasóir ina dtaispeántar an fhianaise thánaisteach is fearr ar an ngníomhas, ina ndéileáiltear le caillteanas an ghníomhais, an duine arb eol an gníomhas a bheith ina choimeád go deireanach agus ina sonraítear méid na gcuardach a rinneadh chun an gníomhas a aimsiú.
- Ba cheart don Iarratasóir gealltanas a thabhairt an gníomhas caillte a thabhairt ar aird i gcás ina dtiocfar air ina dhiaidh sin.
- Ba chóir go mbeadh sé soiléir ón mionnscríbhinn nár taisceadh an gníomhas le haon duine nó le haon bhanc nó corparáid ar mhodh liain nó urrúis ar airgead nó ar shlí eile agus nach bhfuil aon éileamh bailí ó aon duine ar a choimeád.
- Ba chóir go mbeadh gealltanas sa mhionnscríbhinn ón iarratasóir Tailte Éireann agus an Stát a shlánú in aghaidh na gcaillteanas agus/nó na ndamáistí go léir a eascraíonn as clárú an Iarratasóra mar úinéir a chur i gcrích ar an gClár le teideal iomlán ruílse/léasa [nó teideal léasach maith] ar bhonn na gcruthúnas a taisceadh. [Rialacha 17 agus 18 de Rialacha um Chlárú Talún 2012]
- Tabhair faoi deara: In éagmais aon doiciméad teidil a léiríonn fréamh bhailí teidil, ba cheart iarratas i bhFoirm 5 a thaisceadh ina ionad sin.
Doiciméid tacaíochta
- Má dhéantar gníomhas a fhorghníomhú faoi Chumhacht Aturnae, ní mór an Chumhacht agus an Deimhniú iomchuí a thaisceadh. Féach Fógra 3/2010 ón Oifig Dlí le do thoil maidir lenár riachtanais.
- Má fhorghníomhaíonn Glacadóir gníomhas, ní mór na ceanglais i bhFógra na hOifige Dlí 6/2014 a chomhlíonadh.
- Taisc Gníomhas Scaoilte / Díchurtha ábhartha i leith aon mhorgáiste ar theideal a fuasclaíodh ina iomláine agus nach ndéanann difear a thuilleadh do réadmhaoin an iarratais.
- Taisc gach Deontas Probháide agus Uachtanna i gceangal leis, nó Litreacha Riaracháin agus deimhnithe (cóipeanna bunaidh nó cóipeanna deimhnithe aturnae) d’aon bhás ar theideal.
Cuideachtaí is Iarratasóirí nó Eagraíochtaí Corparáideacha ar theideal
- I gcás iarratasóirí is Cuideachtaí Ionchorpraithe Éireannacha iad, taisc Deimhniú Corpraithe (bunchóip/cóip dheimhnithe).
- I gcás iarratasóirí is Cuideachtaí Eachtracha iad, taisc sonraí maidir leis an Tír Ionchorpraithe, fianaise ar chorprú sa tír sin agus seoladh sa Stát le haghaidh Fógraí a sheirbheáil.
- Sa chás go ndearna Cuideachtaí/Eagraíochtaí Corpraithe Éireannacha gníomhais teidil a taisceadh a fhorghníomhú, ní mór iad a fhorghníomhú de réir cheanglais dhlíthiúla Bhunreacht na Cuideachta/an Chomhlachta Chorparáidigh.
- I gcás ina ndearna Cuideachtaí Eachtracha gníomhais teidil a taisceadh a fhorghníomhú, deimhniú a thaisceadh ó chleachtóir dlí ón dlínse ábhartha/ó chleachtóir dlí a bhfuil eolas leordhóthanach aige ar dhlíthe na dlínse ábhartha, lena ndeimhnítear gur forghníomhaíodh an gníomhas/an ionstraim i gcomhréir leis an dlí baile ábhartha. (Riail 74 (5) de na Rialacha maidir le Clárú Talún, 2012).
- I gcás ina bhfuil an chuideachta is iarratasóir cláraithe mar Fheithicil Éireannach um Chomhbhainistiú Sócmhainní (ICAV), taisc cóip dheimhnithe den Ordú Clárúcháin ón mBanc Ceannais, cuardaigh ar an gclár atá á chothabháil ag an mBanc Ceannais, arna míniú go cuí, agus i gcás cuideachta chomhshóite, cóip dheimhnithe de Dheimhniú Díchláraithe na Cuideachta ó Chláraitheoir na gCuideachtaí. (Fógra Oifige Dlí 2/2015).
Cuardach
- Ní mór duit na cuardaigh seo a leanas a thaisceadh agus gach gníomh atá le feiceáil orthu a mhíniú:
- Déanann an Oifig Bhreithiúnais cuardach ar Lis Pendens, i gcoinne na bpáirtithe go léir atá le feiceáil ar theideal le 5 bliana anuas.
- Déanann Clárlann na nGníomhas cuardaigh i gcoinne na bpáirtithe uile atá le feiceáil ar an teideal ón gceannaitheoir sa fréamh theidil go dtí gníomhas an iarratasóra agus an gníomhas sin san áireamh. Níor cheart go mbeadh aon bhearnaí sna cuardaigh a thaisctear.
- Déanann Oifig na gCuideachtaí cuardach i gcoinne cuideachta is iarratasóir. Má tá bintiúr cláraithe in Oifig na gCuideachtaí, ní mór duit a dheimhniú an bhfuil criostalú déanta air nó nach bhfuil.
- Ní mór gníomhartha a nochtar i ngach Cuardach a thaisctear a mhíniú go hiomlán agus ní mór trácht a dhéanamh orthu i dtaobh an ndéanann na gníomhartha a nochtar difear don teideal a ndéantar iarratas ina leith agus ní mór d’aturnae aonair gach cuardach a thaisctear a shíniú agus a dhátú.
- I gcás ina bhfuil míniú ar chuardaigh ag brath ar ghníomhas (e.g. ‘gnóthas arna sholáthar chun scaoileadh a sholáthar’), ní mór an gníomhas sin (e.g. scaoileadh) a thaisceadh leis an iarratas.
- Ní mór aon mhorgáiste ar theideal a shásamh nó a thaisceadh lena chlárú.
Tuairisc ar réadmhaoin i nGníomhas an Iarratasóra agus Léarscáileanna ar Theideal
- Ní mór Léarscáil Iarratais a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach sna Treoracha Mapála Clárúcháin a chur isteach nuair is gá.
- An foirgneamh ilstórach é an réadmhaoin e.g. Árasán, Ionad Siopadóireachta, etc.? Más ea, an bhfuil léarscáil/léarscáileanna suímh ar leith agus léarscáil/pleananna urláir ar leith ullmhaithe agus faighte lena dtaisceadh leis an iarratas seo?
- Ní mór don phlota ar an Léarscáil Iarratais comhfhreagairt don tuairisc léarscáile/réadmhaoine sa ghníomhas fréimhe teidil.
- I gcás ina mbaineann cás le réadmhaoin aonair nó le forbairt tráchtála/cónaithe le níos mó ná teideal amháin, ní mór léarscáil teidil ilchodach a thaisceadh, agus méid na mBeart aonair scáthaithe i ndathanna éagsúla ar an léarscáil iarratais.
- Má fuarthas réadmhaoin bhreise atá lasmuigh de na doiciméid teidil a taisceadh ansin, beidh gá le hiarratas ar leithligh chun a thaispeáint conas a fuarthas teideal ar an réadmhaoin bhreise seo. Ba cheart déileáil le haon réadmhaoin lena mbaineann éileamh ar sheilbh dhíobhálach atá neamhchláraithe in iarratas ar leith ar Fhoirm 5.
- Ní mór teorainneacha na réadmhaoine mar a shainaithnítear iad ar an léarscáil iarratais a chuimsiú go hiomlán laistigh de na teorainneacha ar na doiciméid teidil a taisceadh leis an iarratas.