Gach bliain freastalaímid ar chomhdhálacha agus ar sheimineáir ar fud na tíre, ag tabhairt deis do mhic léinn, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí labhairt le cuid dár bhfoireann faoi ghairmeacha sa tSuirbhéireacht, sa Chlárú Talún agus sa Luacháil.

I gcomhpháirtíocht le Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Uladh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, cuirimid suas le bliain amháin de shocrúcháin íoctha ar fáil do mhic léinn ina mbliain dheireanach staidéir i réimse na Luachálacha.

Beimid ag seoladh clár Iarchéime do Shuirbhéirí Iarchéime i bhFómhar 2025, agus tá an glacadh isteach le tosú i mí Eanáir 2026

Printíseachtaí TFC

Trí Chlár Printíseachta TFC na Státseirbhíse, glacaimid le roinnt printíseach TFC agus tugaimid an mheantóireacht agus an tacaíocht dóibh trí chlár tiomnaithe lena n-áirítear tacaíocht oideachais tríú leibhéal agus é mar aidhm dul isteach i bhfostaíocht bhuan linn ag deireadh a bprintíseachta.