Cuireadh seimineár gréasáin i láthair ag Bainisteoirí Clárúcháin agus ó Aonaid Maoine Stáit Tailte Éireann i bPort Láirge agus i Ros Comáin i mí Eanáir 2026. Cuireann na físeáin agus an t-ábhar Ceisteanna agus Freagraí faisnéis phraiticiúil agus treoir ar fáil maidir le hiarratais ar chlárú a lóisteáil le Tailte Éireann “i gceart an chéad uair”, lena n-áirítear earráidí coitianta a dhéantar in iarratais a shainaithint agus forléargas a thabhairt ar phróisis bhailíochtaithe agus bhainistithe fiosruithe Tailte Éireann.

Clúdaíonn na físeáin na hábhair seo a leanas:

  • Próiseas bailíochtaithe Tailte Éireann.
  • Nascleanúint ar shuíomh gréasáin Tailte Éireann agus aimsiú uirlisí agus acmhainní úsáideacha.
  • Aonad Maoine Stáit (An Chéad Chlárú) Ros Comáin – treoir phraiticiúil faoi Fhoirmeacha 1 agus 2, agus 5 agus 6.
  • Aonad Maoine Stáit Port Láirge – Iarratais a bhaineann le tailte cláraithe agus iarratais ar an gCéad Chlárú atá Deimhnithe ag Aturnae faoi Fhoirm 3.

Forléargas ar an Aonad Maoine Stáit, an tAonad Bailíochtaithe Bainistiú Fiosruithe agus an Chéad Chlárú

An Chéad Chlárú faoi Fhoirm 3 agus Talún Cláraithe

Féach ar na Ceisteanna Coitianta sa leagan PDF thíos le do thoil:


Ceisteanna Coitianta Seimineár Gréasáin don Earnáil Phoiblí (PDF)

Back to top