Is mór an pléisiúr dúinn comharthaí glaonna nua a sheoladh d’aerárthaí suirbhéireachta ón aer de chuid Tailte Éireann, atá á n-oibriú ag an Atlantic Flight Training Academy – Tailte Éireann 001 agus 002.
Tá na comharthaí glaonna seo ceaptha chun tacú le cumarsáid shoiléir agus shábháilte san aer agus seirbhísí suirbhéireachta á gcur ar fáil don Stát.
