Tá gníomhaíocht thionsclaíoch beartaithe ar fud na seirbhíse poiblí Dé Céadaoin an 14 Deireadh Fómhair 2026.
Cuirtear in iúl do chustaiméirí go mbeidh tionchar ag an ngníomhaíocht thionsclaíoch ar sheirbhísí Tailte Éireann.
Beidh na cuntair phoiblí in oifigí Tailte Éireann dúnta ar an lá sin, agus ní bheidh foireann ar fáil chun freagra a thabhairt ar fhormhór na línte teileafóin seirbhíse do chustaiméirí. D’fhéadfadh moill a bheith ar fhreagraí ar fhiosruithe ó chustaiméirí agus ar phróiseáil iarratas freisin.
Tá Tailte Éireann buíoch dá chustaiméirí as a dtuiscint.