Taifid Chlárlann na nGníomhas

Is féidir taifid Chlárlann na nGníomhas a úsáid chun idirbhearta maoine atá cláraithe i gClárlann na nGníomhas a rianú ó 1708 go dtí an lá atá inniu ann. Is éard is taifead ar Mheabhrachán ann achoimre ar an ngníomhas atá cláraithe i gClárlann na nGníomhas, agus is athscríbhinní  Meabhrachán iad Leabhair Athscríbhinní. Is áiseanna aimsithe iad na sraitheanna taifead eile go léir chun cuidiú leis an taighdeoir an t-idirbheart maoine ábhartha a aimsiú.

Is féidir breathnú ar na taifid uile ó 1708 go 1969  i bpearsan trí choinne a dhéanamh inár n-Oifig ar Shráid Henrietta. Gearrtar táille €10.00 chun gach taifead bunaidh Cuimhneacháin /iarratiais chuig Clárlann na nGníomhas a iniúchadh.Is féidir breathnú ar gach taifead eile roimh 1970 saor in aisce.

Is í an Fhoirm Iarratais le haghaidh Meabhracháin/Clárlann na nGníomhas an ráiteas is iomláine ar na heilimintí ábhartha de Ghníomhas ar féidir le Clárlann na nGníomhas é a sholáthar. Áirítear leis an bhfaisnéis atá i bhFoirm Iarratais le haghaidh Meabhracháin/Clár na nGníomhas dáta an ghníomhais, cineál an ghníomhais, sonraí faoi na páirtithe sa ghníomhas agus cur síos ar an maoin a bhfuil tionchar ag an ngníomhas uirthi. Ní bheidh léarscáil san Fhoirm Iarratais ar Mheabhracháin/Clárlann Gníomhas. Cuireadh an gníomhas bunaidh ar ais chuig an bpáirtí a rinne e a thaisceadh tar éis clárúcháin agus níor choimeád Clárlann na nGníomhas é.

Tá athscríbhinní iomlána de Mheabhracháin i Leabhair Athscríbhinní, arna athscríobh focal ar fhocal ag cléirigh de chuid Chlárlann na nGníomhas le haghaidh Meabhracháin a cláraíodh idir 1708 agus 1960.

Liosta na Leabhar Athcríbhinní 1708-1832 PDF

Liosta na Leabhar Athcríbhinní 1833-1960 PDF

Is innéacs aibítreach é Innéacs na nAinmneacha de dheontóirí atá ainmnithe in idirbheart arna dtaifeadadh i gClárlann na nGníomhas. Tagraíonn Deontóir don duine aonair nó don eagraíocht a dhéanann maoin a dhiúscairt  ar shlí éigin amhail tíolacadh (díol) nó aistriú úinéireachta maoine.

Nuair a dhéanann tú cuardach ar Innéacs na nAinmneacha de réir ainm an deontóra, gheobhaidh  uimhir sraithe an chlárúcháin ábhartha den Fhoirm Iarratais ar Mheabhracháin/Chlárlann na nGníomhas don idirbheart. Tá an uimhir sraithe chlárúcháin chéanna ag teastáil ansin chun na Leabhair Athscríbhinní agus na Leabhair Achoimrí a chuardach nó chun cóipeanna de na Meabhracháin a ordú. Tá Innéacs na nAinmneacha i bhformáid imleabhair cheangailte don tréimhse 1708-1969. Ó 1970 go dtí an lá inniu, is féidir rochtain leictreonach a fháil ar Innéacs na nAinmneacha trí chuardach oifigiúil nó cuardach poiblí do shealbhóirí cuntas ar LandDirect.ie.

Innéacsanna Ainmneacha 1708-1969 PDF

Is innéacs geografach é an Innéacs Talún d’idirbhearta arna dtaifeadadh i gClárlann na nGníomhas. Ní bhíonn sna hiontrálacha ach an ainmníocht gheografach (liostaithe in ord aibítre de réir na chéad litreach amháin), an bharúntacht nó an pharóiste más ann di, agus sloinne an deontóra. Leis na hInnéacsanna Talún cumhdaítear an tréimhse 1708 – 1946, agus cumhdaíteaqr Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath go dtí 1949, agus is uirlis úsáideach iad mura bhfuil ainm an deontóra ar eolas agat. Chun comhairle a fháil maidir le húsáid Innéacs Talún Chlárlann na nGníomhas, léigh árdtreoir maidir le húsáid an Innéacs Talún.

Liosta de na hInnéacsanna Talún 1708-1949 PDF

Tá leagan giorraithe de na sonraí atá i leacht meabhracháin sna Leabhair Achoimrí . Leis na Achoimrí, clúdaítear an tréimhse 1833 – 1969 agus áirítear leo an uimhir sraithe an chlárúcháin, dáta an chláraithe, ainm agus dáta an ghníomhais, na daoine a bhí páirteach, cur síos ar an maoin agus cineál ginearálta an ghníomhais. Leantar de bheith ag leasú na dtaifead seo nuair a chuirtear morgáiste réamh-1970 ar neamhní.Tá leabhair achoimre ann i bhformáid leictreonach i ndiaidh 1970. Tá sraith de luath-Leabhar Achoimrí, a cruthaíodh  ar bhealach siarghabhálach, ann don tréimhse 1708-1717, agus 1800-1832.

Liosta de Leabhair Achoimrí  1833-1969 PDF

 

Cuireadh gach Iarratas ar Mheabhracháin/Clárlann na nGníomhas ó 1930 go 2018 ar mhicreascannán Rinneadh Foirmeacha Iarratais do Chlárlann na nGníomhas ó 2019 go 2024 a scanadh in ionad iad a chur ar mhicreascannán.

Liosa de mhicreascannáin  1930-2018 PDF

Is féidir breathnú ar na taifid uile ó 1708 go 1969  i bpearsan trí choinne a dhéanamh inár n-Oifig ar Shráid Henrietta. Is féidir rochtain a fháil ar thaifid iar-1970 trí andDirect.ie a úsáid nó trí leas a bhaint as Seirbhísí Cuardaigh agus Cóipeála Chlárlann na nGníomhas.

Cóipeanna a Bheith ann

Rinne Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha Innéacs na nAinmneacha, Innéacs na dTailte, agus na Leabhair Athscríbhinní ó 1708-1929 a chur ar micreascannán i 1950 agus 1968, le cead ó Roinn Dlí agus Cirt na hÉireann. Tá cóipeanna de na micreascannáin ar fáil ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann agus tá siad foilsithe ar FamilySearch.org. Rinneadh sraith shamplach de Leabhair Athscríbhinní de chuid Chlárlann na nGníomhas a dhigitiú agus a fhoilsiú ar VirtualTreasury.ie

Cuirtear na naisc seo ar fáil chun críocha faisnéise amháin agus níl aon fhreagracht ar Tailte Éireann as cruinneas, dlíthiúlacht ná ábhar suíomhanna seachtracha.

Taifid Suirbhéireachta

Rinneadh na sraith léarscáileanna clóite seo a leanas a dhigitiú agus tá  fáil orthu lena bhfeiceáil agus lena gceannach mar Léarscáileanna Stairiúla agus mar shleachta sonraí Stairiúla.

  • Mapáil 6 orlaí, suirbhéireacht arna déanamh idir1826-1834
  • Mapáil 6 orlaí, suirbhéireacht  arna déanamh idir 1830idí-1930idí
  • Mapáil 25 orlaí, suirbhéireacht arna déanamh idir 1863 agus 1924

Tá taifid a bhaineann le bunú na chéad Suirbhéireachta Ordanáis agus leis an suirbhé 6-orlaí a críochnaíodh idir 1824 agus 1834 curtha i dtaisce le hAcadamh Ríoga na hÉireann agus le Cartlann Náisiúnta na hÉireann.

An Suirbhé 25 Orlaí

Tá na taifid chartlainne a bhaineann leis an suirbhé bunaidh 25-orlaí ar Éirinn i seilbh Tailte Éireann agus cuirfear ar fáil don phobal nuair a bheidh siad catalógú iomlán déanta orthu.

Taifid Luachála

Is iad na taifid luachála atá inár gcartlann na cóipeanna bunaidh de na Leabhair Athbhreithnithe Luachála a lean na taifid Luachála Príomhúla . Tá na taifid Luachála Príomhúla (dá ngairtear Luacháil Griffiths go coitianta, i ndiaidh an chéad Choimisinéir Luachála, an Ridire Richard Griffith) ar fáil tríd an gCartlann Náisiúnta .Coinnímid cóipeanna díobh seo inár gcartlann.

Is ó lár na 1850idí go dtí an lá atá inniu ann na leabhair iar-luchála bunaidh atá againn. I gcás maoine cónaithe, cumhdaítear lenár dtaifid an tréimhse go dtí na 1980idí don chuid is mó, ach déantar luacháil ar mhaoin tráchtála go dtí an lá atá inniu ann. Is é atá inár dtaifid an fhaisnéis uile a bhaineann le luacháil gach sealúchais aonair laistigh den stát. Tá taifid Luachála na sé Chontae i dTuaisceart Éireann á gcoinneáil in Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann (PRONI) i mBéal Feirste.

Tá cóipeanna bunaidh de na léarscáileanna luachála a lean an luacháil príomhúil againn freisin, a thaispeánfaidh suíomh beacht na maoine a bhfuil taighde  á dhéanamh agat ina leith . Coinnímid sraitheanna éagsúla léarscáileanna a nuashonraíodh i rith na mblianta agus a léiríonn aon fho-roinnt talún a d’fhéadfadh a bheith déanta. Athraíonn na blianta le haghaidh nuashonruithe na léarscáileanna seo ó áit go háit.

Cén fhaisnéis atá sna leabhair seo

Taispeánfaidh an fhaisnéis a gheofar inár dtaifid ainm(neacha) an Áititheora, an Léasóra Láithrigh, cur síos ar an maoin, aon acraíocht a bhaineann leis an maoin, na rátaí gaolmhara is infheidhme maidir leis an maoin, agus taifid ar dhátaí aon athraithe/athruithe ar an maoin. Mar shampla, taispeánfaidh sé cathain a chuirtear duine eile in áit áititheora/léasóra láithreach maoine, agus an dáta a tharla an t-athrú seo. Déanfar tagairt sna leabhair freisin don uimhir gabháltais Luachála agus d’uimhir léarscáile na Suirbhéireachta Ordanáis do gach maoin, agus ansin is féidir iad seo a chur i gcomparáid leis na léarscáileanna Luachála atá againn. 

An féidir liom na taifid a fheiceáil ar líne? 

Faoi láthair, níl ár dtaifid ar fáil ach inár n-oifig. Cé go ndearna muid cuid mhór den bhailiúchán a dhigitiú, ní féidir na taifid sin a fheiceáil ach ar cheann dár gcuid teirminéal do chuairteoirí inár nOifig Phoiblí.

Cad a tharlóidh sa chás nach féidir liom dul chuig an oifig? 

Mura bhfuil tú in ann cuairt a thabhairt ar ár n-oifig, cuirimid seirbhís ar fáil inar féidir leat iarratas a dhéanamh chugainn, agus is féidir le ball foirne an taighde a dhéanamh ar do shon. Tá táille seasta €30 ar an tseirbhís seo agus féadfar costais bhreise a thabhú i gcás ina n-iarrtar líon mór cóipeanna crua cde na taifid tríd an bpost. Níl aon táillí breise ann ar taifid a sheoltar go leictreonach. Chun iarratas a dhéanamh chugainn, líon isteach foirm iarratais C3 agus seol ar ais í leis an oiread eolais agus is féidir.Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe, seol chugainn í trí ríomhphost chuig valinfo@tailte.ie nó tríd an bpost chuig Tailte Éireann, Valuation Public Office & Archive, Bloc 2 Main Plaza, Irish Life Centre, Mainistir Shráid Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 E9X0.

Treoracha maidir le Taighde

Tá treoracha taighde foilsithe ag Tailte Éireann maidir le bailiúcháin áirithe dár gcuid. Cuirfear leideanna agus comhairle ar fáil  sna treoracha maidir lenár mbailiúcháin a úsáid agus taifid éagsúla a léirmhíniú.

Ag tabhairt aire dár gcuid bailiúchán

Catalógú

Is príomhchuspóir de chuid Tailte Éireann sna blianta amach romhainn a chinntiú go ndéantar ár mbailiúcháin uile a chatalógú de réir an chaighdeáin chartlannúcháin chuí. Is é an aidhm atá againn a chinntiú go bhfuil ár mbailiúcháin inrochtana ag daoine ar fud an domhain.

Caomhnú

Oibríonn ár bhfoireann cartlann ar réimse beart chun aon riosca go ndéanfar damáiste do na bailiúcháin a laghdú. Ar na gníomhaíochtaí a dhéanann siad tá comhairle a thabhairt maidir le láimhseáil, measúnú, glanadh, agus bailiúcháin a bhogadh go dtí imfháluithe sa chartlann.