Ár stair uasal
Le breis agus 300 bliain de stair, dúthracht agus taithí chomhroinnte tá muid tar éis teacht go dtí an áit ina bhfuil muid inniu. Féach ar ár gcartlann chun cuid de na taifid atá bailithe againn a fheiceáil.
1708

Bunaíodh Clárlann na nGníomhas sa bhliain 1707 le hAcht Parlaiminte Éireannach dar teideal ‘‘An Act for the Publick Registering of all Deeds, Conveyances and Wills that shall be made of any Honors, Manors, Lands, Tenements or Hereditaments’. Cláraíodh an chéad meabhrachán an 29 Márta 1708, taifead ar gníomhas dhintiúr agus urscaoilte idir an tUasal Nanfan Iarla Bellomont ar thaobh amháin, agus Connell Vereker as Baile an Scala i gContae Luimnigh ar an taobh eile.
1782

Tháinig Acht de chuid Pharlaimint na hÉireann i bhfeidhm i mí an Mheithimh 1782 chun trádáil agus déantúsaíocht a chur chun cinn trí chomhpháirtíocht a rialáil agus a spreagadh, agus rinneadh Acht leasaitheach air i 1786. Ceanglaíodh leis na hAchtanna comhpháirtíochtaí gnó a chlárú le gClárlann na nGníomhas. Rinneadh díscaoileadh na comhpháirtíochta, má tharla sin, a thaifeadadh freisin i gClárlann na nGníomhas freisin.
1805

Bhí Clárlann na nGníomhas lonnaithe i dteach príobháideach ar dtús agus ansin bhog sé go Clós Íochtarach Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1805, bhog sé go Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath agus bhí trí sheomra ina raibh boghta cloiche agus vardrús ar urlár na talún ann. Cé gur measadh a shuíomh a bheith áisiúil toisc é a bheith cóngarach do na Cúirteanna, bhí sé ró-phlódaithe agus ní raibh sé oiriúnach mar áit chun taifid a choinneáil. Sa bhliain 1831 bhog an Oifig go dtí a suíomh reatha ar Shráid Henrietta, a tógadh d’aon ghnó chun taifid phoiblí a choinneáil.
1824

Bunaíodh an Coiste Roghnaithe um Shuirbhéireacht agus Luacháil Éireann, ar a dtugtar Coiste Spring Rice freisin, i mí Aibreáin 1824 chun scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le córas luachála aonfhoirmeach chun críocha cánach in Éirinn. Leag an coiste a thuarascáil faoi bhráid na parlaiminte an 21 Meitheamh 1824, inar leagadh amach go raibh sé riachtanach léarscáileanna cruinne a bheith ann don obair luachála. Bunaíodh Oifig Suirbhéireachta Ordanáis na hÉireann chun suirbhéireacht a dhéanamh ar oileán na hÉireann ar fad. Ba chuid d’arm na Breataine faoin Aireacht Cosanta an Oifig ar dtús agus bhí sí lonnaithe i dTeach Mountjoy i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.
1827

Cuid ríthábhachtach den mapáil seo ar Éirinn ab ea tomhas cúramach agus cruinn bhunlíne Loch Feabhail, a shíneann fad 8 míle. Críochnaíodh an obair i gcaitheamh 60 lá idir Meán Fómhair 1827 agus Samhain 1828. Baineadh úsáid as fearas bunaidh, ‘barra Colby’ chun an bonnlíne a thomhas. Rinneadh aththomhas ar Bhonnlíne Loch Feabhail i ag baint úsáide as Teallúiriméadar agus ní raibh an luach a fuarthas ach 2.5cm difriúil leis an luach a bhí ann i 1828, rud a léiríonn cé chomh cruinn is a bhí an suirbhé bhunaidh.
1830

Rithead an chéad Acht Luachála sa bhliain 1826, agus cuireadh tús le hobair allamuigh sa bhliain 1830 i gContae Dhoire, faoi mhaoirseacht Richard Griffith, obair a rinneadh ag dul aduaidh go dtí aneas de réir mar a foilsíodh léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis. Le luacháil na mbailte fearainn, a rinneadh faoi Achtanna ó 1826 go 1836, feiceadh le luacháil a dhéanamh ar mhaoine i gcontaetha, i mbarúntachtaí, i bparóistí agus i mbailte fearainn. Cuireadh tús le luacháil na dtionóntán sa bhliain 1844, mar gheall ar thabhairt isteach dhlí na mbocht agus athbhreithnithe criticiúla ar luacháil na mbailte fearainn. Taifeadadh ainm gach tionóntáin aonair agus áititheora leis an modh seo.
1832

Píosa reachtaíochta an-tábhachtach i stair Chlárlann na nGníomhas ab ea Registry of Deeds Act (Ireland) 1832. Tugadh isteach córas uimhrithe nua leis do ghníomhais chláraithe, innéacsú níos mionsonraithe ar ainmneacha agus tailte, agus cruthaíodh ‘leabhair achoimre’ leis ina leagtar amach an fhaisnéis achomair maidir le gníomhas cláraithe.
1846

Críochnaíodh suirbhé bunaidh na hÉireann, ar scála 6 orlach sa mhíle, sa bhliain 1846 faoi stiúir an Mhaor-Ghinearál Thomas Colby. Ba í Éire an chéad tír ar domhan a ndearnadh mapáil uirthi ina iomláine ar scála chomh mionsonraithe sin. Bailíodh faisnéis sa suirbhé freisin faoi nósanna áitiúla, logainmneacha agus seandálaíocht, agus ar an gcaoi sin rinneadh doiciméadú ar thírdhreach réamh-ghorta na hÉireann.
1864

Faoi lár na 1860idí, bhí luacháil déanta ar an tír ar fad i dtionóntáin agus bhí luacháil tosaigh na hÉireann críochnaithe. Foilsíodh an luacháil réamhullmhaithe a ullmhaíodh le haghaidh achomhairc faoin teideal Primary Valuation of Ireland idir 1847-1864. Tugadh Griffith’s Valuation air freisin, i ndiaidh Richard Griffith a bhí ina Choimisinéir Luachála idir 1830 agus 1868.
1887

Sa bhliain 1887, chuaigh an Ordanáis Suirbhéireachta i mbun athshuirbhéireachta ar limistéir dhaonra na hÉireann ar scála 25 orlach sa mhíle. Leis na hAchtanna Ceannaigh Talún éagsúla a tugadh isteach in Éirinn ag deireadh an19ú haois tugadh de chead do thionóntaí morgáistí a fháil agus an talamh a raibh siad ag obair air ar eastáit talún a cheannach. Mar sin féin, níor measadh go raibh an suirbhé bunaidh 6 orlaí lena ndíriodh ar theorainneacha na mbailte fearainn, mionsonraithe ná cruinn go leor chun achar na bplotaí aonair a ríomh. Ní dhearnadh athshuirbhéireacht ar limistéir shléibhteacha ná ar limistéir portaigh áirithe.
1891

Faoi na hAchtanna um Cheannach Talún, ceannaíodh talamh talmhaíochta in Éirinn ó na Tiarnaí Talún agus tugadh do na tionóntaí ar an talamh í. Leis an obair a rinne an Coimisiúin Talún rinneadh éascaíocht ar an ngá atá le bealach éifeachtach chun úinéireacht talún a thaifeadadh agus a chruthú do na tionóntaí. Bunaíodh Clárlann na Talún faoin Acht um Chlárúcháin Teidil (Éire) 1891 chun teideal státurraithe a sholáthar do na tailte dílsithe. Osclaíodh Príomh-Oifig Chlárlann na Talún in Oifig na mBreithiúna Talún sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath sa bhliain 1892.
1922

Ar an 14 Aibreán 1922, bhí oifigí Chlárlann na Talún sna Ceithre Chúirteanna faoi fhorghabháil ag saighdiúirí frithchonartha. Rinne an Cláraitheoir, William Glover, socruithe chun foireann Chlárlann na Talún a athlonnú go foirgneamh Chlárlann na nGníomhas ar Shráid Henrietta. An 28ú Meitheamh 1922, thosaigh trúpaí Arm an tSaorstáit ag lámhach ar choimpléasc na gCeithre Cúirteanna. Bhí sé ina troid ar feadh dhá lá, agus scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí le pléascadh agus rinneadh damáiste do chuid den fhoirgneamh ina bhfuil Clárlann na Talún. Scriosadh bileoga mapála agus ionstraimí de chuid Chlárlann na Talún do bhreis is 7,500 fóilió. Thóg sé 67 seachtain sularbh fhéidir leis an bhfoireann filleadh ar na Ceithre Cúirteanna.
1924

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann nua, aistríodh an fhreagracht maidir le hOifig na Suirbhéireachta Ordanáis chuig Roinn Airgeadais Rialtas na hÉireann. Leanadh d’earcú a dhéanamh ar gach ball foirne a bhí fostaithe ag Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis trí bhealaí míleata go dtí na 1970idí, nuair a earcaíodh an chéad fhostaí sibhialtach, agus an chéad fhostaí baineann.
1965

Tugadh fótagraiméadracht aeir isteach den chéad uair i Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann sa bhliain 1965, trína n-úsáideadh ceamaraí scannáin san aerárthach chun íomhánna a ghabháil chun go bhféadfadh suirbhéirí a d’úsáid ionstraimí fótagraiméadracha gnéithe nua a aithint agus a phlotáil ar an léarscáil.
1978

Chuir an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Cíosanna Talún) (Uimh. 2) 1978, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 1978, modh nua ar fáil chun cíosanna talún a cheannach ar thithe cónaithe, agus cuireadh de chúram ar Chlárlann na Talún an scéim nua a riar. Ó tugadh isteach an scéim i 1978, tá breis agus 80,000 iarratasóir tar éis leas a bhaint as an tseirbhís seo agus tá teideal ruílse acu dá réadmhaoin.
Cuireadh deireadh go hiomlán le rátaí tí in Éirinn leis an Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978. Níl sna leabhair athbhreithnithe luachála agus sna léarscáileanna ach sonraí faoi luach inrátaithe maoine tráchtála ó na 1990idí ar aghaidh.
2001

Tugadh isteach Suirbhéireacht Ordanáis Éireann mar Chomhlacht Stáit faoin Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, 2001
Thug Acht Luachála 2001 isteach rolladh amach de réir a chéile maidir le hathluachálacha do gach limistéar údaráis áitiúil.
2006

Faoin Acht um Chlárú Gníomhas agus Teidil, 2006, bunaíodh an tÚdarás Clárúcháin Maoine (ÚCM) an 4 Samhain 2006.Tháinig ÚCM in ionad Chláraitheoir na nGníomhas agus na dTeideal mar an t-údarás clárúcháin in Éirinn atá freagrach as an gClárlann Talún a bhainistiú agus a rialú.
2009

Rinneadh an Clár Talún agus na léarscáileanna gaolmhara a thiontú ó pháipéar go formáid lán-dhigitithe, rud a d’fhág go raibh fáil ar léarscáil na Clárlainne ag gach ball den phobal chun cuardach a dhéanamh air ar landdirect.ie den chéad uair.
2023

Bunaíodh Tailte Éireann go hoifigiúil an 1 Márta 2023 agus tús curtha leis leis an chéad chaibidil eile do sheirbhísí talún agus maoine in Éirinn.