Forghabháil agus Dóiteán na gCeithre Cúirteanna 1922
Ar an 14 Aibreán 1922, thug foireann Chlárlann na Talún aghaidh ar dhúshlán nach bhfacthas riamh roimhe nuair a bhí saighdiúirí frith-chonartha i seilbh a n-oifigí i gcoimpléasc na gCeithre Cúirteanna. Scrúdóimid anseo conas a chuaigh forghabháil na gCeithre Cúirteanna i bhfostú oscailte an Chogaidh Chathartha agus an dóiteán ina dhiaidh sin i bhfeidhm ar Chlárlann na Talún agus ar Chlárlann na nGníomhas idir 1922 agus 1923.

Bhí Cláraitheoir na linne, William Glover, diongbháilte go leanfadh obair Chlárlann na Talún d’ainneoin áitiú na gCeithre Cúirteanna. Rinneadh socruithe ar an toirt chun foireann Chlárlann na Talún a athlonnú go dtí foirgneamh Chlárlann na nGníomhas ar Shráid Henrietta agus Teach Chúil Raithin díreach lasmuigh de gheataí na páirce ar Chnoc an Bhunreachta. D’úsáid Clárlann na Talún freisin Halla na mBinsear in Óstaí an Rí, nuair a bhí sé ar fáil. Idir an Cháisc agus Iúil 1922 lóisteáladh beagnach 6,000 idirbheart le talamh cláraithe agus déileáladh leo sna hoifigí sealadacha.

Go gairid tar éis meán oíche Dé Céadaoin 28ú Meitheamh 1922, thosaigh trúpaí Arm an tSaorstáit ag lámhach ar choimpléasc na gCeithre Cúirteanna. Tar éis dhá lá troda, ghéill Garrison na gCeithre Cúirteanna, áfach, ní sular tharla pléascadh sa choimpléasc. Scrios an pléascadh Oifig na dTaifead Poiblí agus rinne sé damáiste do chuid d’fhoirgneamh Chlárlann na Talún.

Taifeadadh i “Dialann Imeachtaí Suntasacha” Chlárlann na nGníomhas”, a bhí á cothabháil ag an bhfoireann ag an am, go raibh an fhoireann tar éis buamáil na gCeithre Cúirteanna a fheiceáil ar an 28ú & 29ú Meitheamh agus gur dhún an tArm foirgneamh Chlárlann na nGníomhas don fhoireann agus don phobal go dtí an 6ú Iúil. Ghlac an tArm seilbh freisin ar roinnt seomraí i bhfoirgneamh Chlárlann na nGníomhas i mí Iúil agus Lúnasa 1922, rud a chruthaigh ganntanas cóiríochta. Bhí an fhoireann i bhfoirgneamh Chlárlann na nGníomhas míshásta freisin faoi nithe amhail cupáin, spúnóga, sceana, plátaí, cótaí móra agus fiú cathaoireacha (cuid acu a bhí ar iasacht do Chlárlann na Talún) ag dul ar iarraidh ón bhfoirgneamh le linn na forghabhála míleata. Ar ámharaí an tsaoil cuireadh cuid de na míreanna ar ais san oifig!

Nuair a mheas Oifig na nOibreacha Poiblí go raibh sé sábháilte dul isteach i gcoimpléasc na gCeithre Cúirteanna, ceapadh Raymond Smith mar ‘oifigeach iontaofa’ chun measúnú a dhéanamh ar an damáiste do thaifid agus oifigí Chlárlann na Talún, agus chun aon mhí a bhí ag teastáil ón bhfoireann chun seirbhísí a stiúradh a bhaint as Sráid Henrietta. I meabhrán dar dáta an 20ú Iúil 1922, mheas Smith ar bhealach a thuigeann an gnáthdhuine gur dealraitheach go ndearnadh níos lú damáiste d’fhoirgneamh Chlárlann na Talún ná d’aon cheann de na foirgnimh eile sna Ceithre Cúirteanna, ar léir go bhfuil cuid acu i riocht an-chontúirteach’. Ní raibh Smith in ann na hurláir uachtaracha a scrúdú, áfach, toisc go raibh an bealach rochtana, an staighre, scriosta. Cuireadh in iúl do Smith go raibh dóiteán ar urlár uachtarach an fhoirgnimh agus go bhféadfadh go gcaillfí roinnt taifead. Fuarthas amach níos déanaí gur scriosadh bileoga léarscáilíochta Chlárlann na Talún agus ionstraimí do bhreis is 7,500 fóilió. Iarradh ar Oifigí Áitiúla Chlárlann na Talú ar fud na tíre cóipeanna a sholáthar in áit na bhfóiliónna dóite seo.

D’ullmhaigh Smith freisin liosta earraí le baint as Oifig Chlárlann na Talún lena n-áirítear boird, cathaoireacha agus deasca duillín, mar aon le Séala na Príomh-Oifige, agus Taifid Chlárlann na Talún.

Lean úsáid shealadach na cóiríochta ag foireann Chlárlann na Talún in Oifig Chlárlann na nGníomhas ar aghaidh go dtí Iúil 1923 ach cuireadh síos air mar ‘neamhleor go hiomlán’. I litir dar dáta an 4ú Meán Fómhair 1922 a scríobhadh chuig Rúnaí na hAireachta Gnóthaí Baile, dúradh go raibh foireann Chlárlann na Talún lonnaithe i mbothán iarainn roctha i stór Chlárlann na nGníomhas, idtrí sheomra agus i dtaisce sa phríomhfhoirgneamh, nach raibh spás ar bith iontu do throscán agus nach raibh i seomra amháin ach pasáiste, agus i Halla Léachtaí Bhinseoirí Óstaí an Rí. Thug Óstaí an Rí boird agus cathaoireacha ar iasacht dóibh freisin chun oibriú. Cuirtear in iúl sa litir go raibh imní ar na baill foirne, go háirithe iad siúd a bhí lonnaithe sa bhoth iarainn toisc nach raibh dóthain teasa nó soilsithe ann agus go raibh faitíos orthu go mbeadh tuilleadh sceite ann nuair a bheadh báisteach ann i míonna an fhómhair agus an gheimhridh.

I Meamram dar dáta an 16ú Deireadh Fómhair 1922 ó Raymond Smith ó Chlárlann na Talún chuig an Ridire Philip Hannon, thug Smith breac-chuntas ar thomhais an spáis urláir a bhí in úsáid chun freastal ar 103 bhall foirne Chlárlann na Talún le nótaí tuairisciúla breise ar nós ‘seomra go dona’ agus ‘pasáiste gann’.

Cruthaíodh go raibh anailís tosaigh Smith gur lú an damáiste a rinneadh d’fhoirgneamh Chlárlann na Talún ná d’fhoirgnimh eile i gcoimpléasc na gCeithre Cúirteanna ceart. Tógadh foirgneamh Chlárlann na Talún idir 1912-1914, agus thuairiscigh an Irish Times ar an 23 Lúnasa 1923 gur léiriú iontach é riocht an bhloc seo ar luach na modhanna tógála nua-aimseartha’ agus ‘cé go ndearna an pléascadh sin damáiste de bheagán sa choirnéal thiar theas ag an gcúl, rud a rinne léirscrios ar na Ceithre Cúirteanna go ginearálta, sheas príomhchuid an fhoirgnimh sin in aghaidh thurraing an phléasctha agus mhair sé na pléascanna feoite dóiteáin chomh héifeachtach sin gur fuarthas amach nuair a bhí an obair atógála ar láimh go raibh na ballaí agus na hurláir bhunaidh i riocht maith’.
Tar éis beagnach 67 seachtain i gcóiríocht shealadach d’fhill an fhoireann ar Oifig Chlárlann na Talún i gcoimpléasc na gCeithre Cúirteanna a bhí deisithe agus athchóirithe. I mí Mheán Fómhair na bliana sin aistríodh Príomh-Oifig Chlárlann na Talún ar ais go Sráid na Seansaireachta laistigh de na Ceithre Cúirteanna, áit a bhfuil sé fós ann.