De réir an tseanchais, tháinig strainséir chuig An Halla ar muin capaill oíche stoirmiúil amháin agus thug teaghlach Tottenham cuireadh isteach dó a bhí ina gcónaí ann ag an am. Agus í ag imirt cártaí leis an strainséir, scaoil an Bhantiarna óg Anne Tottenham cárta agus nuair a bhí sí ag cromadh síos chun é a fháil, fuair sí spléachadh ar an strainséir faoin mbord – bhí crúba scoilte aige in ionad na gcos! Leis sin, scinn an strainséir tríd an díon. Níor tháinig an Bhantiarna Anne chuici féin ón gcruachás agus cuireadh faoi ghlas í sa seomra taipéise, áit a bhfuair sí bás blianta ina dhiaidh sin. Thuairiscigh seirbhísigh agus baill teaghlaigh go bhfaca siad a taibhse ag fánaíocht sa teach san oíche. Ní rabhthas in ann an poll sa díon, an áit ar scinn an strainséir tríd, a measadh go raibh sí ina dhiabhal, a dheisiú riamh.
Ba é Raymond Le Gros ar Leithinis Rinn Duáin a thóg an chéad chaisleán sa 12ú haois. Athsholáthraíodh é in 1350 agus tugadh Halla Redmond air. I lár na 1600idí bronnadh tailte fairsinge ar an teaghlach Loftus i gCo. Loch Garman, níorbh fada go raibh Halla Redmond, Halla Loftus ina dhiaidh sin, mar phríomhshuíomh acu. Tá inscríbhinn ‘Henry Loftus of Loftus Hall Esq 1680’ le feiceáil ag Postersgate, baile fearainn gar den Halla. Bronnadh an teideal Marquis of Ely ar theaghlach Loftus níos déanaí. Idir 1872 agus 1884 dhein an 4ú Marquis athchóiriú ar an teach mar is fearr aithne air inniu.