Is féidir le hAturnaetha Cleachtaigh, ag Gníomhú ar son an Úinéara Chláraithe, leas a bhaint as an rogha gan pháipéar agus iarratas á dhéanamh acu ar chóipeanna d’ionstraimí.

Is féidir le hAturnaetha Cleachtaigh, ag Gníomhú ar son an Úinéara Chláraithe, leas a bhaint as an rogha gan pháipéar agus iarratas á dhéanamh acu ar chóipeanna d’ionstraimí.

Níl an tseirbhís seo ar fáil ach amháin d’Aturnaetha.

Na Buntáistí:

Iarratais gan Pháipéar:  ‘Úsáideoirí Údaraithe’ agus iad ag gníomhú ar son an Úinéara Chláraithe, déan iarratas “P” uathoibrithe gan aon pháipéar a bheith ag teastáil.

Iarratas Curtha Isteach go Láithreach: Glactar le hiarratais láithreach a luaithe a chuirtear isteach iad agus beidh dáta taiscthe acu, an lá a cuireadh isteach é, rud a fhágann nach gcaithfear an t-am agus an costas a bhaineann le hiarratais a phostáil.

Aga Slánúcháin:  Is é 7 lá oibre an t-aga slánúcháin d’iarratais ‘P’ i gcás ina bhfuil an ionstraim ar fáil go héasca.

Táillí: Baintear táillí ó chuntas an úsáideora go huathoibrithe gan seic nó aon bhealaí íocaíochta eile a bheith ag teastáil.

Conas is féidir a bheith mar úsáideoir Údaraithe:

Níl an tseirbhís seo ar fáil ach amháin d’Aturnaetha. Chun iarratais ar chóipeanna d’ionstraimí a fhíordheimhniú faoi fhorálacha Riail 159 (1) de na Rialacha um Chlárú Talún, 2012, ina bhfuil aturnae ag gníomh ar son an úinéara chláraithe, ba cheart go gcuirtear an Foirm Deimhnithe Údaraithe seo i gcrích agus í a sheoladh chuig:

Foirm Deimhnithe, an Rannóg Cóipeanna d’Ionstraimí, Tailte Éireann, Sráid na Seansaireachta, D07 T652, DX228.

Back to top

Related content

Foirmeacha

LR Application for Paperless Copy Instruments – Facility for Solicitors only

Reachtaíocht

LR Rule 159 – Inspection of filed documents and obtaining copies thereof

Cleachtais dlí

Inspection of Documents

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.