Tá lucht Bainistíochta Tailte Éireann tiomanta do chultúr oibre a chruthú ina dtacaítear le Nochtadh Cosanta a dhéanamh, lena dtugtar cosaint do dhaoine a thuairiscíonn agus atá tiomanta do chultúr eagraíochtúil atá freagrach agus eiticiúil a chothú laistigh de Tailte Éireann.
Tá sé mar aidhm againn timpeallacht oibre a chothú ina mothaíonn fostaithe ar a gcompord ábhar imní a ardú maidir le héagóireacht fhéideartha laistigh den eagraíocht agus na tacaíochtaí riachtanacha a sholáthar dóibh siúd a ardaíonn fíor-ábhar imní. Is léiriú an cineál seo timpeallachta oibre ar ár gcroíluachanna, go háirithe luachanna na hIonracais, na Gairmiúlachta, na hUrraime, na Cuntasachta agus na Trédhearcachta.
Le díograis do na luachanna sin, ba chóir go mbeadh gach oibrí ar a chompord chun ábhar imní a ardú san áit oibre lena mbainisteoirí. Mar sin féin, ní hamhlaidh a bhíonn i gcónaí. D’fhéadfadh iad siúd a dhéanann nochtadh gan a bheith ar a gcompord agus iad ag ardú an ábhair imní go háitiúil; d’fhéadfadh siad a bheith míshásta leis an gcaoi ar déileáladh leis an ábhar imní go háitiúil; nó, d’fhéadfadh sé nach mbeadh uathu ach an chomhairle agus an chosaint bhreise a ghabhann le próiseas níos foirmiúla.
Is mór ag Tailte Éireann díograis a fhoirne agus tá sé tiomanta tacú leo agus seirbhís ardchaighdeáin á cur ar fáil dá chustaiméirí. Tá sé tiomanta freisin do chomhlíonadh ardchaighdeáin rialachais, cuntasachta agus ionracais. Chun na críche seo, tá Beartas Tailte Éireann maidir le Nochtuithe Cosanta deartha chun a chinntiú d’fhostaithe/oibrithe go bhfuilimid tiomanta don phróiseas um nochtadh cosanta; chun a mhíniú conas a oibríonn sé; agus chun an próiseas atá i gceist a leagan amach.