Cóip Dheimhnithe den Fhóilió/Plean Teidil
Is taifead poiblí iad fóiliónna agus léarscáileanna an Chláir agus féadfaidh aon duine iarratas a dhéanamh chun fóilió/plean teidil a iniúchadh nó cóip de a fháil, ar íoc na táille cuí.
Más eol duit uimhir an fhóilió ábhartha is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chóip ar landdirect.ie. Tá cóip shimplí den fhóilió ar fáil le híoslódáil ar tháille €5.
Nó is féidir leat an Fhoirm Iarratais chun Cóip den Fhóilió (táille €40) nó an Fhoirm Iarratais chun Cóip den Fhóilió/Plean Teidil ina bhfuil cearta slí gaolmhara agus/nó “gnéithe speisialta” eile, más ann dóibh, a bhaineann leis na tailte (táille €40) a íoslódáil agus a chomhlánú agus an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh mar aon le seic/ordú poist don táille chuí chuig:
An tAonad Seirbhíse do Chustaiméirí, Tailte Éireann, Sráid na Seansailéireachta, Baile Átha Cliath 7.
Cóipeanna Deimhnithe d’Ionstraimí
Nuair a bhíonn iarratas ar chlárú (“Déileáil”) críochnaithe, cláraítear éifeacht dhlíthiúil na ndoiciméad a taiscíodh ar an bhfóilió. Is féidir le ceannaitheoir ar luach brath ar an bhfóilió mar fhianaise ar theideal gan na gníomhais teidil a léamh. Comhdaítear na doiciméid teidil ina dhiaidh sin i gClárlann na Talún i gcomhad ar a dtugtar “Ionstraim”. Stóráiltear ionstraimí lasmuigh den suíomh agus ní bheidh siad ar fáil lá an iarratais.
- Tá roinnt imthosca ann inar féidir iarratas a dhéanamh ar iniúchadh ar Ionstraim. Mar sin féin, níl gach duine i dteideal Ionstraim a iniúchadh. Ní féidir ach le húinéir cláraithe na maoine, a ionadaí pearsanta agus aon duine atá údaraithe ag na daoine sin, le hordú cúirte nó faoi Rule 159 of the Land Registration Rules 2012.
- Sula líonann tú Foirm Iarratais chun Cóip den Ionstraim* faoi Riail 159, léigh na treoirlínte atá i gceangal leis an bhfoirm le do thoil. Caithfidh tú a shonrú cén fáth a measann tú go bhfuil tú i dteideal an Ionstraim (nó cuid d’Ionstraim) a iniúchadh agus/nó cóip di a fháil.
- Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin treoir chleachtais dlí maidir le Cigireacht Doiciméad
- Is féidir aon duine atá i dteideal Ionstraim a iniúchadh cóip den Ionstraim a fháil, ar íoc na táille cuí.
Ba cheart an fhoirm iarratais chomhlánaithe mar aon le haitheantas cuí agus seic/ordú poist don táille ábhartha (€40 in aghaidh an Ionstraime) a thaisceadh chuig: An tAonad Seirbhíse do Chustaiméirí, Tailte Éireann, Sráid na Seansailéireachta, Baile Átha Cliath 7.
* Féach ar Fógra Oifige Dlí 5/2010 – Caithfidh Foirm Aitheantais Iarratasóra Phearsanta a bheith ag gabháil le hIarratais Phearsanta ar Chóip Ionstraimí.
Áiseanna chuardaigh Chlárlann na Talún
Cuardach ar líne
Tá go leor dár seirbhísí ar fáil tríd ár seirbhís ar líne – landdirect.ie. Chun leas a bhaint as an raon iomlán seirbhísí caithfidh Cuntas Gnó a oscailt le réamhíocaíocht íosta de €125.
Mura Sealbhóir Cuntais Ghnó thú, is féidir leat cuardach a dhéanamh ar léarscáil Chlárlann na Talún ar líne, saor in aisce. Is féidir leat fóiliónna a fheiceáil chomh maith agus cóipeanna deimhnithe d’fhóiliónna le léarscáileanna a ordú (sonraí tugtha thuas).
Is féidir leat leas a bhaint as ár seirbhísí fós tríd an bpost nó trí choinne a chur in áirithe ag ceann dár n-oifigí poiblí. Tá suíomhanna ár n-oifigí poiblí agus sonraí áirithinte ar líne ar fáil faoi Déan Teagmháil Linn.
Cuardach léarscáile
Trí chuardach léirscáilíochta a dhéanamh, nochtfar an bhfuil an mhaoin cláraithe i gClárlann na Talún agus sainaithneofar an uimhir fhóilió ábhartha.
Chun iarratas a dhéanamh ar chuardach léirscáilíochta oifigiúil (táille €40):
- Cuir an plota ábhartha i ndearg ar léarscáil suirbhéireachta comhlíontach agus seol é mar aon le d’iarratas comhlánaithe i bhFoirm 89 agus seic/ordú poist don táille ábhartha chuig: An tAonad Seirbhíse do Chustaiméirí, Tailte Éireann, Sráid na Seansailéireachta, Baile Átha Cliath 7.
nó
- Bí i láthair ag ár n-oifig phoiblí agus cuir an plota ábhartha in iúl ar na léarscáileanna a chuirtear ar fáil. Nuair a bheidh uimhir an fhóilió aitheanta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chóip de Fhóilió deimhnithe nó ar Chóip de Fhóilió/Plean Teidil.
Cuardaigh de réir úinéara cláraithe
Chun iarratas a dhéanamh ar chuardach ainm (táille €5):
- Caithfidh tú ainm agus seoladh an úinéara chláraithe reatha a bheith ar eolas agat. (Seachas sin caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chuardach léirscáilíochta mar atá thuas.)
- Seol d’iarratas comhlánaithe i bhFoirm 88 mar aon le seic/ordú poist don táille ábhartha chuig: An tAonad Seirbhíse do Chustaiméirí, Tailte Éireann, Sráid na Seansailéireachta, Baile Átha Cliath 7.
Mura bhfuil an mhaoin cláraithe i gClárlann na Talún, b’fhéidir gur déileáladh léi i gClárlann na nGníomhas.