Chuir an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Cíosanna Talún) (Uimh. 2) 1978 a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 1978, modh nua ar fáil chun cíosanna talún a cheannach ar thithe cónaithe. Faoin Acht 1967, bhí sé ar na páirtithe féin an ceannacháin a shocrú agus bhí aon deacracht nó díospóid a tháinig chun cinn inchurtha don Chláraitheoir Contae, a raibh a bronnadh inachomhairc don Chúirt Chuarda. Bhí an ceannaitheoir faoi dhliteanas costais bearta an tiarna talún. Is é an cur chuige a glacadh leis san Acht 1978 (Uimh 2) ná, ar tháille atá leagtha síos, glacann Tailte Éireann leis an obair dhlíthiúil a dhéanamh maidir le críochnú ceannacháin an fheo shimplí agus cuireadh riarachán na scéime nua faoi chúram an Údaráis Clárúcháin Maoine ainmnithe in ionad an Chláraitheora Contae.
Tá sé de chumhacht ag Tailte Éireann an feo simplí a dhílsiú i dtionóntaí tithe cónaithe, fad is go ndéantar an t-iarratas go cuí i gcomhréir le Cuid III den Acht. Dílsítear an feo simplí trí dheimhniú dílsithe a oibríonn mar iompar den fheo simplí agus d’aon leasanna idirmheánacha, saor ó eirí. Ó tugadh isteach an scéim i 1978, tá breis agus 80,000 iarratasóir tar éis leas a bhaint as an tseirbhís seo agus tá teideal ruílse acu dá maoin.