Athluacháil  2027

Faigh rochtain ar an bhfaisnéis a bhaineann le hathluacháil na maoine inrátaithe go léir i limistéir údaráis áitiúil Chomhairle Cathrach Chorcaí agus Chomhairle Contae Chorcaí (Athluacháil  2027), lena n-áirítear na dátaí tábhachtacha.

Screenshot of the valuation occupier portal

Tairseach Íocóirí Rátaí

Is féidir le gach íocóir rátaí tráchtála rochtain a fháil ar sheirbhísí luachála tríd an Tairseach Áititheora ar líne.

Cláraigh chun cuntas chun tuilleadh eolais a fháil faoi luacháil do mhaoine, féachaint ar an bhfaisnéis atá againn ar chomhad nó do mhaoin a chur i gcomparáid le maoine eile. Más mian leat iarratas athbhreithnithe a chur isteach, is féidir leat é sin a dhéanamh ar líne freisin.

commercial properties on a street map of Dublin

Brabhsáil ár léarscáil luachála

Is féidir leat maoin tráchtála a iniúchadh ar ár léarscáil luachála, áit a bhfuil an rogha agat cuardach a dhéanamh de réir Uimhir Maoine, Seoladh, nó Eircode chun maoin a aimsiú agus sonraí luachála a fheiceáil. Nó is féidir leat na torthaí a scagadh de réir Contae agus Údarás Áitiúil, nó de réir catagóire, agus do thorthaí a shaincheapadh tuilleadh trí úsáid a bhaint as na roghanna léarscáile agus na gnéithe a chuirtear ar fáil.

Local Authority Online Valuation Portal

Tairseach na nÚdarás Áitiúil um Luacháil

Is féidir le hÚdaráis Áitiúla rochtain a fháil ar a dtairseach luachála féin le haghaidh sonraí a bhaineann lena gceantar inrátaithe.

Seirbhísí Luachála Maoine Stáit

Cuirimid seirbhís luachála ghairmiúil ar fáil freisin do Ranna Rialtais éagsúla, do ghníomhaireachtaí Stáit agus do chomhlachtaí poiblí eile.

Baineann an obair seo le luachálacha caipitil agus cíosa, lena n-áirítear luachálacha chun críocha athbhreithnithe cíosa, do na custaiméirí seo. Cuirtear luachálacha ar fáil freisin do réadmhaoin atá á n-aistriú idir Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit agus údaráis agus gníomhaireachtaí poiblí eile, idir áitiúil agus náisiúnta de réir Chiorclán 11/15.