Tosóidh Tailte Éireann ag eisiúint ceisteanna áirithe clárúcháin trí ríomhphost (ríomhfhiosrúcháin) ag tosú ar an 16 Meán Fómhair 2024.

Eiseoidh Tailte Éireann ríomhfhiosrúcháin chuig an seoladh ríomhphoist oifige atá curtha ar fáil ar do litir lóisteála/comhfhreagras atá san iarratas.

Tabhair faoi deara le do thoil, nach n-eiseofar ríomhfhiosrúcháin i gcóip chrua freisin.

Chun ríomhfhiosrúcháin a sheachadadh, cinntigh gur féidir le d’fhearann ríomhphoist comhfhreagras a fháil ó @tailte.ie.

I gcás ina bhfuil freagraí ríomhphoist oiriúnach, tabhair freagra díreach ar an ríomhphost/bosca ríomhphoist ábhartha, toisc go bhféadfadh nach bhfaighfí ná nach bpróiseálfaí freagraí a sheoltar chuig boscaí ríomhphoist eile.

Ní mór freagraí ina bhfuil Gníomhais/Mionnscríbhinní/Foirmeacha LR/Léarscáileanna Comhlíontacha nó doiciméid chóipe dheimhnithe a chur isteach i gcóip chrua.

Tá Tailte Éireann tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar mar atá leagtha amach i gCairt Chustaiméirí agus Plean Gníomhaíochta Tailte Éireann.

 

Back to top

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.