Deirtear in Alt 38 den Acht um Míchumas 2005 (an ‘tAcht’):
Féadann duine, nó duine sonraithe a luaitear in alt 9 (2) gearán a dhéanamh i scríbhinn chuig ceann comhlachta phoiblí mura gcomhlíonann an comhlacht alt 25 , 26 , 27 , 28 nó 29 den Acht seo.
Cé atá in ann gearán a dhéanamh?
Féadfaidh tú gearán a dhéanamh go díreach, nó féadfaidh duine ón liosta thíos gearán a dhéanamh ar do shon:
(a) céile, tuismitheoir nó gaol a luaitear i bhfo-alt (1)(a),
(b) caomhnóir an duine sin nó duine atá ag gníomhú in loco parentis don duine sin,
(c) ionadaí dlí an duine sin, nó
(d) abhcóide pearsanta, arna shannadh ag an gComhairle chun labhairt ar son an duine sin.
Conas gearán a dhéanamh?
Ní mór gearán a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart go luafar gur gearán é faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005. Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a bheith i do ghearán:
D’ainm, do sheoladh, d’uimhir teagmhála agus do sheoladh ríomhphoist
Cibé an raibh tú ag iarraidh rochtain a fháil
- ar fhaisnéis
- ar sheirbhís
- ar fhoirgneamh poiblí
Sonraí an ghearáin maidir leis an dóigh ar mhainníomar rochtain a chur ar fáil faoi Ailt 25 go 28 den Acht.
Cá háit ar cheart do ghearán a sheoladh?
Ba cheart do ghearán i scríbhinn a sheoladh tríd an ríomhphost chuig:
CEOAdmin@tailte.ie agus líne an ábhair “Gearán faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005”
nó tríd an bpost chuig:
Gearán faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005
Oifig an POF
Tailte Éireann
Ionad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 E9X0
Cad a tharlaíonn tar éis gearán a dhéanamh?
Déanfaidh Oifigeach Fiosrúcháin ainmnithe Thailte Éireann gearáin a dhéantar faoin Acht um Míchumas 2005 a fhiosrú.
- Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin admháil go bhfuarthas do ghearán tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis an gearán a fháil.
- Fiosróidh an tOifigeach Fiosrúcháin an gearán agus ullmhóidh sé tuarascáil a leagfaidh amach an bhfuil do ghearán bailí agus ar mhainnigh Tailte Éireann forálacha gaolmhara den Acht um Míchumas 2005 a chomhlíonadh.
- I gcás gur mhainnigh Tailte Éireann rochtain a chur ar fáil d’fhoirgnimh, do sheirbhísí nó d’fhaisnéis, leagfar amach sa tuarascáil na bearta a bheidh le déanamh chun an staid a chur ina ceart duit.
- I gcás go gcreideann an tOifigeach Fiosrúcháin nach gearán bailí é, cuirfidh sé in iúl duit, nó don duine a rinne an gearán ar do shon, agus don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin maidir leis an gcinneadh seo.
Freagairt ón Oifigeach Fiosrúcháin
Freagróidh an tOifigeach Fiosrúcháin lena thorthaí laistigh de 20 lá oibre. Mura bhfuil sé indéanta freagairt laistigh de 20 lá oibre, déanfaidh sé teagmháil leat nó leis an duine a rinne an gearán ar do shon agus cuirfidh sé in iúl duit nó don duine sin cathain a bheidh an tuarascáil ar fáil.
Cuirfear tuarascáil scríofa ar thoradh an fhiosrúcháin ar fáil, ina leagfar amach a thorthaí. Leagfaidh sí amach ar mhainníomar an tAcht um Míchumas a chomhlíonadh.
I gcás mainneachtain, leagfar amach sa tuarascáil na bearta a bheidh le déanamh chun an staid a chur ina ceart.
Cuirfidh an tOifigeach Fiosrúcháin cóip den tuarascáil chugat agus chuig an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus cuirfidh sé comhairle ort maidir leis an gceart achomharc a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt ar do ghearán.