Inrochtaineacht ag gach ceann dár suíomhanna

Foirgneamh Smithfield Hall

Táilte Éireann, Smithfield Hall, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, D07 AEF4

Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí agus do Choisithe: Inrochtana go hiomlán

Páirceáil do Dhaoine faoi Mhíchumas: Níl aon spás ar fáil ar an suíomh. Tá spásanna do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil i Margadh na Feirme, Sráid an Bhogha nó Margadh an Fhéir.

Áiseanna

  • Ardaitheoirí do gach urlár
  • Prótacail aslonnaithe éigeandála
  • Leithreas suite ar an mbunurlár
  • Saoráid Lúb Ionduchtaithe ar fáil ag an gCuntar Poiblí

Foirgneamh Clárlann na nGníomhas

Clárlann na nGníomhas, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1, D01 EK82

Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí agus do Choisithe: Ó Ardaitheoir cathaoireacha rothaí Shráid Henrietta ag an mbealach áirseach

Páirceáil do dhaoine faoi mhíchumas: Tá páirceáil do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil i Sráid Henrietta

Áiseanna

  • Leithreas do Dhaoine faoi Mhíchumas
  • Ardaitheoirí do gach urlár
  • Prótacail aslonnaithe éigeandála

Foirgneamh Phort Láirge

Tailte Éireann, Bóthar Chorcaí, Port Láirge, X91 FP98

Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí agus do Choisithe: Inrochtana go hiomlán

Páirceáil do Dhaoine faoi Mhíchumas: Páirceáil do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil

Áiseanna

  • Tá leithreas do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil ar an mbunurlár
  • Ardaitheoirí do gach urlár
  • Prótacail aslonnaithe éigeandála
  • Saoráid Lúb Ionduchtaithe ar fáil ag an gCuntar Poiblí

 

Foirgneamh Ros Comáin

Tailte Éireann, Bóthar na Nasc Gailf, Ros Comáin, F42 NC84

Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí agus do Choisithe: Rochtain ar fáil

Páirceáil do Dhaoine faoi Mhíchumas: Spás mótar ar fáil do Dhaoine faoi Mhíchumas

Áiseanna

  • Tá leithreas do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil ar an mbunurlár
  • Ardaitheoirí do gach urlár
  • Prótacail aslonnaithe éigeandála
  • Saoráid Lúb Ionduchtaithe ar fáil ag an gCuntar Poiblí

 

Faisnéis Inrochtaineachta Breise

Déan teagmháil lenár Oifigeach Rochtana

Tá an tOifigeach Rochtana freagrach as cúnamh a sholáthar nó a shocrú do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí arna soláthar ag Tailte Éireann. Feidhmíonn siad mar phointe teagmhála do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo rochtain a fháil ar sheirbhísí den sórt sin.

Más gá duit cúnamh an Oifigeach Rochtana, seol ríomhphost chuig: DisabilityLiaisonOfficer@tailte.ie nó glaoigh ar 051 303 000.

Ráiteas Inrochtaineachta Suíomh Gréasáin

Tá Tailte Éireann tiomanta dá suíomh gréasáin a chur ar fáil, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomh Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí) 2020. Baineann an ráiteas inrochtaineachta le hábhar a fhoilsítear ar www.tailte.ie.

Léigh ár Ráiteas maidir le hInrochtaineacht ar an Suíomh Gréasáin  

 

Gearán a dhéanamh faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005

Táimid tiomanta do sheirbhís den scoth a sholáthar do gach custaiméir agus úsáideoir seirbhíse. Má cheapann tú nár chomhlíonamar Ailt 25 go 28 den Acht um Míchumas 2005, a bhaineann le rochtain ar fhoirgnimh, ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis, is ar an leathanach atá nasctha thíos a gheobhaidh túseo na sonraí a theastaíonn uait chun gearán a dhéanamh.

Gearán a dhéanamh faoi Alt 38 den Acht um Míchumas, 2005

 

Polasaí Gadhair Seirbhíse

Fáilte roimh gach Gadhar Seirbhíse atá oilte agus cláraithe rochtain a fháil ar fhoirgnimh agus ar thailte TÉ i gcuideachta a n-úinéara cláraithe.

Tugann ár mbeartas maidir le Gadhair Seirbhíse tuilleadh eolais faoi na coinníollacha faoina gceadaítear d’ainmhithe dul isteach in aon cheann dár bhfoirgnimh agus dár dtailte, agus cén fáth, i gcásanna áirithe, a d’fhéadfaí a iarraidh ort a fhíorú gur gadhar seirbhíse é do gadhar.