Is mian linn custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil roinnt moilleanna ann faoi láthair maidir le hiarratais ar chóipeanna d’ionstraimí a phróiseáil.

Tá sé seo mar gheall ar chóras scanadh nua a thabhairt isteach dár gcartlanna clárúcháin, rud atá mar chuid d’uasghrádú digitithe chun éifeachtúlacht agus seachadadh seirbhíse a fheabhsú san fhadtéarma. Le linn an próiseas nua seo a chur chun feidhme, agus mar gheall ar thréimhse ina bhfuil éileamh ard ar ár seirbhísí, tharla roinnt moilleanna aiféalacha maidir le cóipeanna d’ionstraimí a eisiúint.

Táimid ag obair chun gach iarratas a phróiseáil chomh tapa agus is féidir agus is mór againn bhur bhfoighne agus bhur dtuiscint le linn na hidirthréimhse seo.

Bí cinnte de, nuair a bheidh an córas nua curtha chun feidhme ina iomláine, go mbeidh seirbhís níos tapúla agus níos éifeachtúla ar fáil do gach custaiméir dá thoradh.

Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a tharla.

Back to top