Seirbhísí

Cuireann muid córas clárúcháin maoine, seirbhís luachála maoine, agus bonneagar náisiúnta mapála agus suirbhéireachta ar fáil don Stát.

Téigh ar aghaidh chuig cuid

Clárúchán Maoine

Coimeádaimid Clárlann na nGníomhas, an Clár Talún agus Léarscáil na Clárlainne don stát.

Maidir le maoin neamhchláraithe, sa chás nach bhfuil an teideal cláraithe fós ar Chlár na Talún, úsáidtear córas Chlárlann na nGníomhas.

Maidir le maoin cláraithe, Is é an ról atá againn ná scrúdú a dhéanamh ar doiciméid dlí agus léarscáileanna a chuirtear isteach mar iarratais ar chlárúchán agus a dtionchar dlíthiúil ar na cláir agus na léarscáileanna a thaifeadadh.

Luachálacha

Cuirimid luachálacha beachta, cothrom le dáta ar mhaoine tráchtála agus tionsclaíocha ar fáil dár bpáirtithe leasmhara. Tá na luachálacha seo lárnach don chóras rátála tráchtála in Éirinn agus is bonn iad do chuid mhór de mhaoiniú rialtais áitiúil gach bliain.

Cuirimid seirbhís luachála ar fáil freisin, lena n-áirítear luachálacha margaidh oscailte, do Ranna agus Oifigí Rialtais, gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí poiblí eile.

GeoHive logo

GeoHive

Is éard is GeoHive Mol Náisiúnta Sonraí Geospásúla na hÉireann saor in aisce, lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí faisnéis gheospásúil údarásach a chuardach, a fheiceáil agus rochtain a fháil uirthi trí thairseach amháin.

Déan scrúdú ar shonraí inspéise, idir shochaí agus sláinte agus fhorbairt eacnamaíoch agus an comhshaol agus féach orthu trí fheidhmchláir idirghníomhacha léarscáileanna agus catalóga sonraí chun cabhrú leat tuiscint níos fearr a fháil ar an saol in Éirinn.

national map

Sonraí Geospásúla

Is éard atá sa Léarscáil Náisiúnta bunachar sonraí lárnach Tailte Éireann maidir le faisnéis gheospásúil. Tá fáil inti ar na sonraí go léir ann a mbeadh coinne ag duine lena bháil i mbunachar sonraí geospásúla amhail foirgnimh, fairsinge réimse, líonraí bóithre Soláthraítear rochtain ar shonraí na léarscáile trí roinnt seirbhísí do mhapálaithe gairmiúla, do phleanálaithe, agus daoine nach iad.

Cuirimid raon Seirbhísí Geodasacha ar fáil freisin lena n-áirítear seirbhís íoslódála sonraí RINEX saor in aisce.

 

Cuardaigh agus Cóipeáil

Is taifead poiblí iad na cláir a choinnímid agus is féidir le duine ar bith scrúdú a dhéanamh ar na fóiliónna agus na léarscáileanna, nó Clárlann na nGníomhas a chuardach ach na táillí forordaithe a íoc.

Tá iarratais ar chóipeanna de dhoiciméid dlí comhdaithe, ar a dtugtar Ionstraimí, ar fáil ach na táillí cuí a íoc agus de réir Rialacha ábhartha Chlárlann na Talún.

Tá ár dtaifid cartlainne ar fáil freisin chun críocha taighde mar is féidir cóipeanna de theastais luachála agus léarscáileanna, nó taifid ó Chlárlann na nGníomhas a iarraidh.

MapGenie Open Data Portal image

Sonraí Oscailte

Tá Tailte Éireann tiomanta do phrionsabail na Sonraí Oscailte, de réir na Straitéise Náisiúnta maidir le Sonraí Oscailte. Dírítear leis na prionsabail sin ar an nuálaíocht agus trédhearcacht a chur chun cinn trí shonraí Earnáil Phoiblí na hÉireann a fhoilsiú i bhformáidí oscailte, saor in aisce agus in-athúsáidte.