Oifigeach Mapála Digití – Oifigeach Feidhmiúcháin

Tá iarratais á lorg ag Tailte Éireann ar phoist bhuana lánaimseartha mar Oifigeach Mapála Digití (DMO) i mBaile Átha Cliath agus i Ros Comáin agus is é 5i.n. ar Dé Déardaoin, 3ú Aibreán 2025 an spriocdháta.

Is é príomhról an Oifigigh Mapála Digití iarratais agus nuashonruithe ar chlárúchán ar an gclár náisiúnta talún a mhapáil, agus cinnte a dhéanamh de go léiríonn na sonraí spásúla arna dtaifeadadh an leas dlíthiúil a fuarthas agus a chosnaítear trí chlárúchán.

Tá éagsúlacht i gceist leis an ról seo agus éilítear leis go mbeidh an sealbhóir poist solúbtha, agus an cumas aige oibriú faoi réir spriocanna  agus spriocdhátaí dochta agus iad a bhaint amach, agus torthaí ardchaighdeáin a sheachadadh. Cuirfear oiliúint chuimsitheach ar fáil d’iarrthóirí a n-éireoidh leo nuair a cheapfar iad.

Ní ghlacfar le hiarratais ar fholúntais de chuid Thailte Éireann ach amháin de réir an phróisis iarratais atá leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí.

Ní mór d’iarrthóirí an suíomh nó na suíomhanna poist a bhfuil iarratas á chur isteach acu ina leith a lua go soiléir ina n-iarratas. Tá folúntais againn i mBaile Átha Cliath agus i Ros Comáin.

Íoslódáil an Eolas breise Tábhachtach, an Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí agus an Fhoirm Iarratais don phost seo, mar ní bheidh siad seo ar fáil ar líne tar éis an spriocdháta.

Fiosrúcháin Neamhfhoirmiúla nó Fiosrúcháin a bhaineann go Sonrach leis  an Ról:

Acmhainní Daonna, Ríomhphost: Resourcing@tailte.ie

Doiciméid

Leabhar Eolais d'larrthóirí

Foirm Larratais

Faisnéis Thábhachtach